Saol Suaimhneach ar Dhomhan Nua
Agus tú ag féachaint ar an radharc atá ar an mbilleog seo, céard a mhothaíonn tú? Nach bhfuil do chroí ag tnúth leis an suaimhneas, an sonas agus an rath atá le feiceáil ann? Is cinnte go bhfuil. Ach an brionglóid nó samhlaíocht, a chreidiúint go bhféadfadh an talamh a bheith sa riocht seo choíche?
Is dócha go gceapann formhór na ndaoine gurb ea. Is iad an cogadh, an choiriúlacht, an t-ocras, an tinneas agus an dul in aois fírinní an lae inniu—gan trácht ach ar chuid acu. Ach tá údar dóchais ann mar sin féin. Ag tagairt den am atá le teacht, déanann an Bíobla cur síos ar “neamha nua agus talamh nua a bhfuil muide ag fanacht leo de réir a ghealltanais-sean [Dia], agus cónóidh firéantacht iontu seo.”—2 Peadar 3:13; Íseáia 65:17.
Céard atá i gceist ag an mBíobla leis na “neamha nua” agus an “talamh nua”? Déanadh go foirfe an talamh agus na neamha fisiciúla, agus léiríonn an Bíobla go seasfaidh siad sin go deo. (Salm 89:36, 37; 104:5) Is éard a bheidh ins an “talamh nua” ná comhluadar fíréanta daoine ag cónaí ar an talamh, agus is éard a bheidh ins na “neamha nua” ná ríocht fhoirfe ar neamh, nó rialtas, a dhéanfaidh an comhluadar daoine seo ar talamh a rialú. Ach an bhfuil sé réasúnta a chreidiúint go bhféadfadh talamh nua, nó domhan aoibhinn nua a bheith ann?
Bhuel, tabhair faoi deara gur sár-riocht den tsórt seo a bhí i gceist sa bhunaidhm a bhí ag Dia don talamh seo. Shocraigh sé an chéad bheirt dhaonna ins an bParthas ar talamh in Éidin agus thug sé obair íontach le déanamh dóibh: “Bígí torthach agus téigí i líonmhaire agus líonaigí an talamh agus cuirigí smacht air.” (Geineasas 1:28) Sea, bhí sé d’aidhm ag Dia go mbeadh clann orthu agus in am tráth go leathnóidís an Parthas seo ar fud an domhain go léir. Cé gur roghnaigh siad ina dhiaidh sin a bheith easumhal do Dhia, rud a chruthaigh nach raibh siad feiliúnach le maireachtáil go deo, níor athraigh an bhunaidhm a bhí ag Dia. Agus caithfear í a thabhairt chun críche ar dhomhan nua!—Íseáia 55:11.
Go deimhin, nuair a deireann tú Paidir an Tiarna, nó an Ár nAthair, ag iarraidh ar Ríocht Dé teacht, tá tú ag guí go dtiocfadh a rialtas neamhaí leis an olc a ghlanadh den talamh agus an domhan nua seo a rialú. (Matha 6:9, 10) Agus is féidir linn a bheith muiníneach go dtabharfaidh Dia áird ar an bpaidir sin, mar go ngeallann a Bhriathar: “Is ag na fíréin féin a bheidh seilbh na talún, agus mairfidh siad uirthi go deo.”—Salm 37:29.
An Saol ar Dhomhan Nua Dé
Déanfaidh Ríocht Dé leas as cuimse don domhan seo. Cuirfidh sí i bhfeidhm gach rud maith a bhí i gceist ón tús le go mbainfeadh a phobal taitneamh as an saol anseo ar an talamh. Beidh deireadh le fuath agus gráin, agus i ndeireadh báire beidh gach duine ar an talamh ina chara dílis ag gach duine eile. Geallann Dia ins an mBíobla go gcuirfidh sé ‘cosc le cogaí go críocha na talún.’ “Ní thógfaidh náisiún claíomh in aghaidh náisiún, ná ní fhoghlaimeoidh siad cogadh níos mó.” —Salm 46:9; Íseáia 2:4.
I ndeireadh báire beidh an domhan iomlán curtha sa riocht ina raibh gáirdín Pharthais. Deireann an Bíobla: “Déanfaidh an fásach agus an ceantar gan uisce lúcháir, agus beidh machaire an ghainiúlaigh gliondarach agus tiocfaidh sé faoi bhláth mar an safron.... Óir beidh uisce tar éis brúchtadh sa bhfásach, agus tuilte ar mhachaire an fhásaigh. Agus beidh an talamh atá spallta ag an teas mar a bheadh linn ghiolcach, agus an talamh tartmhar mar thoibreacha uisce.”—Íseáia 35:1, 6, 7.
Beidh gach údar sonais againn ins an bParthas ar talamh. Ní bheidh ocras cheal bia ar dhaoine go deo arís. “Tabharfaidh an talamh a thoradh uaidh go cinnte,” a deireann an Bíobla. (Salm 67:6; 72:16) Bainfidh gach duine taitneamh as toradh a shaothair féin, mar a gheallann ár gCruthaitheoir: “Is cinnte go gcuirfidh siad fíonghorta agus go n-íosfaidh siad dá dtoradh.... ní chuirfidh siad agus duine éigin eile á ithe.”—Íseáia 65:21, 22.
I ndomhan nua Dé, ní bheidh daoine brúite i mullach a chéile in árasáin ná i gcúlsráideanna suaracha feasta, mar is í seo an aidhm atá ag Dia: “Is cinnte go dtógfaidh siad títhe agus go gcónóidh siad iontu . . . Ní thógfaidh siad agus cónaí a bheith ag duine éigin eile.” Geallann an Bíobla freisin: “Ní bheidh siad ag sclábhaíocht in aisce.” (Íseáia 65:21-23) Dá réir sin beidh obair thorthúil, shásúil ag daoine. Ní saol leadránach a bheidh ann.
In am tráth, tabharfaidh Ríocht Dé i bhfeidhm arís fiú amháin an caidreamh síochánta a bhí idir na hainmhithe, agus idir ainmhithe agus daoine i ngáirdin Éidin. Deireann an Bíobla: “Go fiú is go gcónóidh an mac tíre tamall leis an uan fireann, agus luífidh an liopard féin taobh leis an meannán, agus an lao agus an leon óg le moing agus an t-ainmhí deá-chothaithe i bhfochair a chéile; agus beidh an té nach bhfuil ann ach gasúr ina threoraí orthu.”—Íseáia 1l:6-9; Hóisé 2:18.
Samhlaigh duit féin, ins an bParthas ar talamh leigheasfar gach tinneas agus easláinte choirp! Geallann focal Dé le cinnteacht: “Ní dhéarfaidh aon áitreabhach: ‘Tá mé tinn.’” (Íseáia 33:24) “Glanfaidh [Dia] gach deoir óna súile, agus ní bheidh an bás ann níos mó, ná ní bheidh mairgneach ná olagón ná pian ann níos mó. Tá an seansaol imithe.”—Taispeáint 21:4.
An Chaoi gur Féidir Leatsa a Bheith Ann
Nach spreagann na geallúintí atá tugtha ag Dia faoin saol a bheidh i ndomhan nua na fíréantachta seo do chroí. Agus cé go mb’fhéidir go gceapadh daoine gur deacair a chreidiúint go gcuirfí beannachtaí den tsórt seo i gcrích, níor chóir a bheith ag súil lena mhalairt ó lámh ár gCruthaitheora grámhar.—Salm 145:16; Míocá 4:4.
Ar ndóigh, tá coinníollacha le comhlíonadh más linn maireachtáil go deo sa bParthas ar talamh seo atá le teacht. Thagair Íosa de phríomhchoinníoll nuair a dúirt sé le Dia i bpaidir: “Is í seo an bheatha shíoraí, go gcuirfidís aithne ortsa, an t-aon Dia fírinneach amháin, agus ar an té a chuir tú uait, Íosa Críost.”—Eoin 17:3.
Mar sin, má tá fonn orainn maireachtáil i ndomhan nua Dé, agus muid i ndáiríre faoi, caithfimid ar dtús eolas a chur ar thoil Dé agus ansin é a dhéanamh. Mar is í seo an fhírinne: “Tá an domhan ag imeacht as agus a mhianta freisin, ach an té a dhéanann toil Dé, fanann sé go deo,” le taitneamh síoraí a bhaint as na beannachtaí atá le doirteadh anuas orainn ag ár gCruthaitheoir grámhar.—1 Eoin 2:17.
Muna luaitear a mhalairt, tá na sleachta ar fad as an mBíobla bunaithe ar an New World Translation of the Holy Scriptures.