Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • rq ceacht 9 leathanaigh 18-19
  • Caithfidh Searbhóntaí Dé a Bheith Glan

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Caithfidh Searbhóntaí Dé a Bheith Glan
  • Céard Atá Dia a Iarraidh Orainne?
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Is Mian le hIehova go mBeadh a Phobal Glan
    Cumhdaígí Sibh Féin i nGrá Dé
  • Cén Chaoi Ar Féidir Linn a Bheith Glan i Súile Iehova?
    Mair Go Sona Go Deo!—Cúrsa Idirghníomhach ar an mBíobla
Céard Atá Dia a Iarraidh Orainne?
rq ceacht 9 leathanaigh 18-19

Ceacht 9

Caithfidh Searbhóntaí Dé a Bheith Glan

Cén fáth a gcaithimid a bheith glan ar gach bealach? (1)

Céard a chiallaíonn sé muid a bheith glan go spioradálta? (2)go morálta? (3) go hintinneach? (4) go corpartha? (5)

Cén sórt cainte neamhghlaine is ceart dúinn a sheachaint? (6)

1. Tá Iehova Dia glan agus naofa. Iarrann sé ar an dream a thugann adhradh dó fanacht glan—go spioradálta, go morálta, go hintinneach, agus go corpartha. (1 Peadar 1:16) Tá iarracht mhór i gceist le fanacht glan i súile Dé. Mairimid i ndomhan neamhghlan. Freisin, tá muid ag coimhlint leis an gclaonadh atá ionainn féin an rud mícheart a dhéanamh. Ach ní ceart géilleadh.

2. Glaineacht Spioradálta: Más linn freastal ar Iehova, ní féidir linn greim a choinneáil ar aon chuid de theagasc ná nósanna reiligiúin bhréagaigh. Ní mór dúinn teacht amach as reiligiún bréagach agus gan tacú leis ar bhealach ar bith. (2 Corantaigh 6:14-18; Taispeáint 18:4) Nuair a bhíonn an fhírinne faoi Dhia foghlamtha againn, bíodh muid cúramach nach gcuireann daoine a bhíonn ag múineadh na bréige an dallamullóg orainn.—2 Eoin 10, 11.

3. Glaineacht Mhorálta: Iarrann Iehova ar an dream a adhrann é go n-iompróidís iad féin mar fhíorChríostaithe i gcónaí. (1 Peadar 2:12) Feiceann seisean gach uile ní a dhéanaimid, fiú an rud a dhéanaimid faoi rún. (Eabhraigh 4:13) Ní mór dúinn mímhoráltacht ghnéasúil agus nósanna neamhghlana eile an tsaoil seo a sheachaint.—1 Corantaigh 6:9-11.

4. Glaineacht Intinne: Má líonaimid ár n-intinn le smaointe atá glan agus geanmnaí, beidh ár n-iompar glan dá réir. (Filipigh 4:8) Ach má bhíonn muid ag machnamh ar rudaí neamhghlana beidh drochghníomhartha mar thoradh air. (Matha 15:18-20) Ní mór dúinn cineálacha siamsaíochta a shalódh ár n-intinn a sheachaint. Is féidir linn ár n-intinn a líonadh le smaointe glana trí staidéar a dhéanamh ar Fhocal Dé.

5. Glaineacht Chorpartha: Ós rud é gur ionadaithe Dé iad, ní mór do Chríostaithe a gcolainn agus a gcuid éadaigh a choinneáil glan. Ba cheart dúinn ár lámha a ní tar éis dúinn an leithreas a úsáid, agus iad a ní sula n-itheann muid béile nó sula láimhseálann muid bia. Muna bhfuil córas ceart séarachais agat, ní mór duit fuíoll an leithris a chur i dtalamh. (Deotranaimí 23:12, 13) Is é leas do shláinte é coinneáil glan go corpartha. Ba cheart go mbeadh áit chónaí an Chríostaí glan agus néata istigh agus amuigh. Ba cheart go seasfadh sé amach mar eiseamláir sa phobal.

6. Caint Ghlan: Ní mór do shearbhóntaí Dé an fhírinne a labhairt i gcónaí. Ní rachaidh bréagadóirí isteach i Ríocht Dé. (Eifisigh 4:25; Taispeáint 21:8) Ní bhíonn drochchaint ar siúl ag Críostaithe. Ní éisteann siad le, ná ní insíonn siad scéalta gáirsiúla. De bharr a gcaint a bheith glan, tugtar suntas dóibh ag a gcuid oibre, ar scoil agus sa chomharsanacht.—Eifisigh 4:29, 31; 5:3.

[Pictiúir ar leathanaigh 18, 19]

Ní mór do shearbhóntaí Dé a bheith glan ar gach bealach

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn