Ceacht 15
Ag Cabhrú le Daoine Eile chun go nDéanfaidís Toil Dé
Cén fáth a n-inseofá na rudaí atá tú a fhoghlaim do dhaoine eile? (1)
Cé leis a bhfuil tú in ann an deá-scéal a roinnt? (2)
Cén tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag d’iomparsa ar dhaoine eile? (2)
Cén uair a bheidh tú in ann craobhscaoileadh in éineacht le pobal na bhFinnéithe? (3)
1. Faoin am seo tá go leor rudaí maithe foghlamtha agat as an mBíobla. Ba cheart go dtabharfadh an t-eolas seo ort pearsantacht Chríostaí a shaothrú. (Eifisigh 4:22-24) Tá an t-eolas seo riachtanach más leat maireachtáil go deo. (Eoin 17:3) Ach tá gátar ag daoine eile freisin leis an deá-scéal a chloisteáil chun go slánófar iadsan chomh maith. Tá dualgas ar gach fíorChríostaí fianaise a thabhairt do dhaoine eile. Is é ordú Dé é.—Rómhánaigh 10:10; 1 Corantaigh 9:16; 1 Tiomóid 4:16.
2. Is féidir leat tosú trí na rudaí atá tú a fhoghlaim a roinnt leo siúd is gaire duit. Inis do do chlann, do chairde, agus do chomrádaithe scoile nó oibre fúthu. Bí cineálta agus foighneach agus tú á dhéanamh. (2 Tiomóid 2:24, 25) Cuimhnigh gur minic gur mó a thugann daoine suntas d’iompar duine ná mar a thungann siad don rud a deir sé. Mar sin tharlódh go dtarraingeodh do dheá-iomparsa aird dhaoine chun go n-éisteoidís leis an teachtaireacht atá agat dóibh.—Matha 5:16; 1 Peadar 3:1, 2, 16.
3. In am trátha, b’fhéidir go gcáileofá chun tosú ag craobhscaoileadh leis an bpobal áitiúil d’Fhinnéithe Iehova. Is céim thábhachtach in do dhul chun cinn í seo. (Matha 24:14) Nárbh iontach an t-ábhar lúcháire é dá mbeifeása in ann cabhrú le duine eile le beith ina shearbhónta ag Iehova agus an bheatha shíoraí a bhaint amach!—1 Teasalónaigh 2:19, 20.