CUID 2
Díbeartha as Parthas
Téann aingeal bradach i gcion ar Ádhamh agus Éabha, agus diúltaíonn siad do rialú Dé. Sin é a thugann an peaca agus an bás isteach sa saol
IBHFAD sular chruthaigh sé daoine, chruthaigh Dia go leor créatúir dofheicthe i bhfoirm spioraid—aingil. In Éidin rinne aingeal bradach, ar tugadh Sátan an Diabhal air níos déanaí, iarracht cathú a chur ar Éabha ithe de thoradh an aon chrann amháin a bhí coiscthe ag Dia.
Chuir Sátan focail i mbéal nathrach le go dtabharfadh sé le tuiscint go raibh Dia ag ceilt rud éigin fiúntach ar an mbean agus ar a fear céile. Dúirt an t-aingeal le hÉabha nach bhfaigheadh sí féin ná a fear céile bás dá n-íosfaidís an toradh a bhí coiscthe orthu. Leis sin, chuir Sátan i leith Dé go raibh sé ag insint bréige dá chlann dhaonna. Chuir an Mealltóir faoina mbráid go n-éireodh leo léargas agus saoirse a bhaint amach ach a bheith easumhal do Dhia. Ach bréag a bhí ansin—an chéad bhréag riamh a cumadh ar an talamh. Ba é croílár na ceiste ná flaitheas Dé, nó a ardcheannas mar rialtóir—sé sin, an bhfuil sé de cheart ag Dia rialú agus an bhfuil sé ag rialú ar son an chirt agus ar mhaithe lena chuid géillsineach.
Chreid Éabha bréag Shátain. Thosaigh sí ag santú an toradh, agus ansin d’ith sí cuid de fiú. Níos déanaí roinn sí é lena fear céile, agus d’ith seisean é chomh maith. Leis sin rinne siad peaca. Cé gur fhéach sé simplí, chuir an gníomh sin in iúl go raibh siad ag éirí amach. Nuair a roghnaigh siad in aon turas aithne Dé a bhriseadh, dhiúltaigh Ádhamh agus Éabha géilleadh do rialú an Chruthaitheora óna bhfuair siad gach rud a bhí acu, saol foirfe san áireamh.
“Brúfaidh [an síol] do cheann agus brúfaidh tusa a sháil.”—Geineasas 3:15
Thug Dia breithiúnas orthu de bharr a ngníomhartha. Thuar sé teacht an tSíl, nó an Fhuascailteora, a bhí geallta, a chuirfeadh deireadh le Sátan, an té a bhí i gceist leis an nathair. Chuir Dia ar athló ar feadh tamaill an bhreith bháis ar Ádhamh agus Éabha le trócaire a léiriú dá sliocht a bhí fós le saolú. Bheadh ábhar dóchais ag na páistí sin mar shlánódh an Té a chuirfeadh Dia uaidh iad ar na tragóidí a lean an t-éirí amach in Éidin. De réir mar bhí an Bíobla á scríobh tugadh tuilleadh léargais ar an gcaoi a gcomhlíonfaí aidhm Dé—maidir leis an Slánaitheoir seo—agus cérbh é an Té seo a chuirfeadh Dia uaidh.
Dhíbir Dia Ádhamh agus Éabha amach as Parthas. Is le hallas a gcnámh a bhainfidís maireachtáil as an gcré taobh amuigh de ghairdín Éidin. Ansin d’éirigh Éabha torrach agus rugadh Cáin, an chéad duine clainne a bhí ag Ádhamh agus Éabha. Ina dhiaidh sin, bhí clann mhac agus iníon ar an lánúin, ina measc Áibil agus Séat, sinsear Naoi.
—Bunaithe ar Geineasas caibidlí 3 go 5; Apacailipsis 12:9.