Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • lfb ceacht 3 lth. 14-lth. 15 alt 3
  • Bhí Ádhamh agus Éabha Easumhal do Dhia

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Bhí Ádhamh agus Éabha Easumhal do Dhia
  • Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Cailleann Siad a mBaile
    Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
  • Cén Chaoi a Raibh an Saol i bParthas?
    Éist le Dia agus Mair go Deo
  • Tosaíonn Saol Crua
    Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
  • Díbeartha as Parthas
    An Bíobla—Cén Teachtaireacht atá Ann?
Tuilleadh
Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
lfb ceacht 3 lth. 14-lth. 15 alt 3
Ádhamh agus Éabha ag fágáil gairdín Éidin

CEACHT 3

Bhí Ádhamh agus Éabha Easumhal do Dhia

Ádhamh leis an toradh a thug Éabha dó ina lámh aige

Lá amháin nuair a bhí Éabha aisti féin labhair nathair léi. D’fhiafraigh sé di: ‘An bhfuil sé fíor nach ligfidh Dia cead duit ithe de gach crann sa ngairdín?’ Dúirt Éabha: ‘Is féidir linn ithe de gach crann sa ngairdín, ach de chrann amháin. Má itheann muid de thoradh an chrainn sin gheobhaidh muid bás.’ Dúirt an nathair: ‘Ní bhfaighidh tú bás. Ach má itheann tú de, beidh tú cosúil le Dia.’ An raibh sé sin fíor? Ní raibh, bréag a bhí ann. Ach chreid Éabha é. Dá mhéad a bhreathnaigh Éabha ar an toradh is ea is mó a mhéadaigh a dúil ann. D’ith sí an toradh agus thug sí cuid de d’Ádhamh. Bhí a fhios aigesean go bhfaighidís bás dá mbeidís easumhal do Dhia. Mar sin féin, d’ith sé an toradh.

Ádhamh agus Éabha ag fágáil ghairdín Éidin, agus aingil agus claíomh lasrach ag gardáil an bhealaigh isteach ann

Níos déanaí sa lá, labhair Iehova le hÁdhamh agus Éabha. D’fhiafraigh sé díobh cén fáth a raibh siad easumhal dó. Chuir Éabha an milleán ar an nathair, agus chuir Ádhamh an milleán ar Éabha. Chuir Iehova Ádhamh agus Éabha amach as an ngairdín mar gheall go raibh siad easumhal dó. Chun a chinntiú nach dtiocfaidís ar ais sa ngairdín, chuir sé aingil agus claíomh lasrach ag gardáil an bhealaigh isteach ann.

Dúirt Iehova freisin go mbeadh pionós le cur ar an té a d’inis an bhréag d’Éabha. Níorbh é an nathair a labhair le hÉabha. Níor chruthaigh Iehova nathracha a bhí in ann caint. Ba dhrochaingeal a bhain caint as an nathair. Rinne sé é seo chun cleas a imirt ar Éabha. Tugtar Sátan agus Diabhal mar ainm ar an aingeal sin. Cuirfidh Iehova deireadh le Sátan amach anseo, agus ní bheidh sé in ann daoine a mhealladh le drochrudaí a dhéanamh níos mó.

“Ba dhúnmharfóir é [an Diabhal] ó thús, agus níor sheas sé san fhírinne, mar níl aon fhírinne ann.”—Eoin 8:44

Ceisteanna: Cén fáth ar ith Éabha an toradh? Céard a tharla d’Ádhamh agus d’Éabha tar éis dóibh a bheith easumhal d’Iehova? Cé air a dtugtar Sátan agus Diabhal?

Geineasas 3:1-24; Eoin 8:44; 1 Eoin 3:8; Apacailipsis 12:9

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn