CUID 3
Tagann an Cine Daonna Slán ón Díle
Scriosann Dia domhan urchóideach ach tugann sé slán Naoi agus a chlann
DE RÉIR mar a chuaigh an cine daonna i líonmhaire, scaip an peaca agus an t-olc go tréan ar fud an domhain. Thug fáidh aonair darbh ainm Eineoc foláireamh go raibh Dia chun na daoine aindiaga a scrios. Ach lean rudaí ag dul in olcas. D’éirigh cuid de na haingil amach in aghaidh Iehova. D’fhág siad neamh, an áit a bhí ceaptha ag Dia dóibh, tháinig siad ar an talamh i bhfoirm dhaonna agus go santach ghlac siad mná chucu féin mar chéilí. Is é an toradh a bhí ar an gcros-shíolrú ón gcaidreamh mínádúrtha sin ná fathaigh bhrúidiúla ar a tugadh Neifilim. Leis sin mhéadaigh an foréigean agus an doirteadh fola. Ghoill sé go mór ar Dhia an drochbhail a bhí á chur ar an domhan a chruthaigh sé.
Tar éis bhás Eineoc mhair fear as an ngnáth sa domhan urchóideach sin. Naoi a bhí mar ainm air. Rinne sé féin agus a chlann iarracht toil Dé a dhéanamh. Nuair a chinn Dia deireadh a chur le drochdhaoine na linne sin, bhí fonn air Naoi agus ainmhithe na cruinne a choinneáil slán. Mar sin dúirt Dia le Naoi áirc a thógáil—soitheach ollmhór dronuilleogach. Istigh san áirc, choinneofaí Naoi agus a chlann slán, mar aon le gach cineál ainmhí, ón díle dhomhanda a bhí le teacht. Bhí Naoi umhal do Dhia. Le linn na mblianta fada a chaith Naoi ag tógáil na háirce, bhí sé ag craobhscaoileadh na fíréantachta freisin. (2 Peadar 2:5) Chuir sé fainic ar na daoine faoin Díle a bhí le teacht, ach níor thug siad aon aird air. Tháinig an t-am agus chuaigh Naoi, a chlann agus na hainmhithe isteach san áirc. Dhún Dia doras na háirce orthu. Thit an bháisteach.
Bhí tuile bháistí ann ar feadh 40 lá agus 40 oíche go dtí go raibh an talamh ar fad faoi uisce. Bhí deireadh le drochdhaoine. Míonna ina dhiaidh sin agus na huiscí ag trá, luigh an áirc ar shliabh. Faoin am a raibh paisinéirí na háirce in ann teacht amach go slán sábháilte as an áirc, bhí bliain iomlán caite ar bord acu. D’ofráil Naoi íobairt bhuíochais do Iehova. Mar fhreagra, gheall Dia do Naoi agus dá chlann nach scriosfadh sé an uile dhúil bheo ar dhromchla na talún go deo arís le díle. Chuir Dia an tuar ceatha sa spéir mar bharántas sofheicthe agus mar chuimhneachán ar an ngealltanas sólásach seo.
Chomh maith leis sin, tar éis na Díleann thug Dia aitheanta nua don chine daonna. Thug sé cead dóibh feoil ainmhithe a ithe. Chuir sé cosc orthu fuil a ithe, áfach. D’ordaigh sé do shliocht Naoi scaipeadh ar fud an domhain ach bhí cuid acu easumhal dó. Tháinig daoine le chéile faoi cheannaireacht Niomrod agus thosaigh siad ag tógáil túr mór sa chathair ar a tugadh Báibil nó an Bhablóin níos déanaí. Bhí sé i gceist acu diúltú don ordú a thug Dia scaipeadh ar fud an domhain. Ach chuir Dia mearbhall orthu agus chuir sé a gcuid pleananna de dhroim seoil nuair a chuir sé ag labhairt teangacha éagsúla iad. Nuair nach raibh siad in ann a chéile a thuiscint thréig siad an togra agus scaipeadar.
—Bunaithe ar Geineasas caibidil 6 go 11; Iúd 14, 15.