CUID 4
D’éist Siad le Sátan—Céard a Bhí Dá Bharr Acu?
Ní raibh Ádhamh agus Éabha umhal do Dhia, dá bhrí sin fuair siad bás. Geineasas 3:6, 23
D’éist Éabha leis an nathair agus d’ith den toradh. Ina dhiaidh sin thug sí cuid de d’Ádhamh agus d’ith seisean é.
Bhí an rud a rinne siad mícheart—ba pheaca é. Dhíbir Dia as gairdín Pharthais iad.
Bhí saol crua acu féin agus ag a gclann. D’éirigh siad sean agus fuair siad bás. Níl siad ann níos mó.
Níl mothú ná arainn sna mairbh. Geineasas 3:19
Faighimid go léir bás mar gur shíolraíomar ó Ádhamh agus Éabha. Níl na mairbh ábalta aon rud a fheiceáil, a chloisteáil ná a dhéanamh.—Cóheilit 9:5, 10.
Ní raibh sé ar intinn ag Iehova go bhfaigheadh daoine bás. Go gairid dúiseoidh sé na mairbh. Má éisteann siad leis, mairfidh siad go deo.