Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • fg ceacht 12 ceisteanna 1-5
  • An Féidir Dlúthchairdeas a Chothú le Dia?

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Féidir Dlúthchairdeas a Chothú le Dia?
  • Dea-scéala Ó Dhia!
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Ag Cothú Dlúthchairdis le Dia trí Ghuí
    Céard Atá Dia a Iarraidh Orainne?
  • Ag Guí Chun Dé
    Céard Go Díreach a Mhúineann An Bíobla?
  • Teann Isteach le Dia Trína Bheith Ag Guí
    Mair Go Sona Go Deo!—Cúrsa Idirghníomhach ar an mBíobla
Dea-scéala Ó Dhia!
fg ceacht 12 ceisteanna 1-5

Ceacht 12

An Féidir Dlúthchairdeas a Chothú le Dia?

1. An n-éisteann Dia le gach guí?

Fear ag guí chun Dé

Tugann Dia cuireadh don uile dhuine teanntás a dhéanamh air trína bheith ag guí. (Salm 65:3) Fós, níl sé sásta éisteacht ná glacadh le gach guí. Mar shampla, d’fhéadfadh bac a bheith ar ghuí an fhir a chaitheann go dona lena bhean chéile. (1 Peadar 3:7) Dhiúltaigh Dia éisteacht le paidreacha na nIosraeilíteach nuair a lean siad orthu ag déanamh oilc. Is léir gur pribhléid í labhairt le Dia. Mar sin féin glacann Dia le paidreacha ó dhaoine a bhfuil peacaí tromchúiseacha déanta acu má dhéanann siad aithrí.​—Léigh Íseáia 1:15; 55:7.

Féach ar an bhfíseán An n-éisteann Dia le gach guí?

2. Cén chaoi ar cheart dúinn guí?

Ós rud é gur cuid dár n-adhradh an ghuí is chun ár gCruthaitheoir, Iehova, amháin is cóir dúinn é a dhéanamh. (Matha 4:10; 6:9) Mar go bhfuilimid neamhfhoirfe, caithfimid guí in ainm Íosa a fuair bás ar son ár bpeacaí. (Eoin 14:6) Níl Iehova ag iarraidh go mbeimid ag athrá paidreacha atá foghlamtha againn de ghlanmheabhair ná atá scríofa síos. Tá sé ag iarraidh go labhróimid leis ónár gcroí amach.​—Léigh Matha 6:7; Filipigh 4:6, 7.

Cloiseann ár gCruthaitheoir fiú an ghuí a dhéanaimid faoi rún. (1 Samúéil 1:12, 13) Tugann sé cuireadh dúinn guí go minic. Is féidir linn guí ar maidin agus tráthnóna, ag am béile, nuair a bhíonn fadhbanna againn agus ag amanna eile.​—Léigh Salm 55:23; Matha 15:36.

3. Cén fáth a mbíonn teacht le chéile ag Críostaithe?

Daoine ag léamh an Bhíobla ag cruinniú Críostaí

Níl dlúthchairdeas le Dia éasca mar go bhfuilimid inár gcónaí i measc daoine nach bhfuil mórán creideamh acu i nDia nó a dhéanann ceap magaidh de ghealltanas Dé maidir le síocháin ar thalamh. (2 Tiomóid 3:1, 4; 2 Peadar 3:3, 13) Mar sin tá gá againn le comhluadar fíorChríostaithe chun a chéile a spreagadh.​—Léigh Eabhraigh 10:24, 25.

Nuair a choinnímid comhluadar le daoine a bhfuil grá acu do Dhia neartaíonn sé ár gcairdeas leis. Tugann cruinnithe Fhinnéithe Iehova deis iontach dúinn creideamh a chéile a neartú.​—Léigh Rómhánaigh 1:11, 12.

4. Cén chaoi ar féidir leat dlúthchairdeas a bheith agat le Dia?

Fear ag léamh Focal Dé le linn sos ag a áit oibre

Is féidir leat do chairdeas le hIehova a neartú má dhéanann tú machnamh ar na rudaí atá foghlamtha agat as a Bhriathar agus machnamh domhain a dhéanamh ar a chuid gníomhaíochtaí, a chomhairle agus a chuid gealltanais. Méadaíonn an machnamh agus an ghuí an t-ómós atá inár gcroí do ghrá agus d’eagna Dé.​—Léigh Iósua 1:8; Salm 1:1-3.

Le dlúthchairdeas a bheith agat le Dia caithfidh tú muinín a bheith agat as agus creidiúint ann. Ní mór duit do chreideamh a chothú go leanúnach chun é a choimeád beo. Caithfidh tú athbhreithniú a dhéanamh go rialta ar bhunchloch do chreidimh.—Léigh Matha 4:4; Eabhraigh 11:1, 6.

5. Cén chaoi a dtiocfaidh sé chun tairbhe duit dlúthchairdeas a bheith agat le Dia?

Tugann Iehova aire dóibh siúd a bhfuil grá acu dó. Cosnaíonn sé iad ar gach rud a chuirfeadh a gcreideamh agus a ndóchas sa bheatha shíoraí i mbaol. (Salm 91:1, 2, 7-10) Cuireann sé fainic orainn maidir le nósanna a dhéanfadh dochar dár sláinte agus dár suaimhneas. Múineann Iehova dúinn an bealach is fearr le maireachtáil.​—Léigh Salm 73:27, 28; Séamas 4:4, 8.

Cairde ag baint suilt as a gcomhluadar le chéile

Le haghaidh breis eolais, féach ar chaibidil 17 den leabhar Céard go Díreach a Mhúineann an Bíobla?

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn