Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • T-35 leathanaigh 1-4
  • An Féidir Leis na Mairbh Maireachtáil Arís?

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Féidir Leis na Mairbh Maireachtáil Arís?
  • An féidir leis na mairbh maireachtáil arís?
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Cén Dearcadh Atá Agat Ar An Todhchaí?
    Cén dearcadh atá agat ar an todhchaí?
  • An mBeidh Deireadh go Deo le Fulaingt?
    An mBeidh Deireadh go Deo le Fulaingt?
  • Meas Tú Cé Atá i gCeannas An Domhain?
    Meas Tú Cé Atá i gCeannas An Domhain?
  • Céard í Ríocht Dé?
    Céard í Ríocht Dé?
Tuilleadh
An féidir leis na mairbh maireachtáil arís?
T-35 leathanaigh 1-4
Tuismitheoirí ag féachaint ar phictiúir dá n-iníon óg atá básaithe.

An Féidir Leis na Mairbh Maireachtáil Arís?

An ndéarfá . . .

  • is féidir?

  • ní féidir?

  • b’fhéidir?

DEIR AN BÍOBLA

“[Tá] aiséirí le bheith [ann].”—Gníomhartha 24:15, An Bíobla Naofa.

AN TAIRBHE ATÁ ANN DUITSE

Sólás nuair a fhaigheann daoine a bhfuil cion agat orthu bás. —2 Corantaigh 1:3, 4.

Ní bheidh tú scanraigh roimh an mbás.—Eabhraigh 2:15.

Fíordhóchas go mbeidh ár mairbh ar ais ina mbeo linn arís.—Eoin 5:28, 29.

Tugann dóchas san aiséirí sólás do theaghlach agus do bhaintreach mná.

AN FÉIDIR AN BÍOBLA A CHREIDIÚINT?

Is féidir, agus tá ar a laghad trí chúis leis seo:

  • Is é Dia Cruthaitheoir na beatha. Tugann an Bíobla “foinse na beatha” ar Iehova Dia. (Salm 36:10, Gníomhartha 17:24, 25) Is cinnte go bhfuil sé ar chumas an Té a thug beatha do gach créatúr beo, an duine atá básaithe a thabhairt ar ais chun na beatha.

  • Thóg Dia daoine ó na mairbh san am a caitheadh. Déanann an Bíobla cur síos ar ocht n-aiséirí inar tógadh daoine—óg, sean, fireann, agus baineann—ó na mairbh le maireachtáil ar an talamh. Bhí cuid acu nach raibh básaithe ach achar gearr, ach bhí duine acu a raibh ceithre lá caite sa tuama aige!—Eoin 11:39-44.

  • Tá an-fhonn ar Dhia é a dhéanamh arís. Tá an ghráin ag Iehova ar an mbás; is namhaid é ina shúile. (1 Corantaigh 15:26) Tá sé “ag tnúth” leis an namhaid sin a chloí agus an bás a chur ar ceal trí aiséirí a thabhairt do na mairbh. Is fada leis go dtógfaidh sé ó na mairbh iad siúd atá ina chuimhne agus go bhfeicfidh sé beo ar an talamh arís iad.—Iób 14:14, 15.

ÁBHAR MACHNAIMH

Buachaill óg ag dul in aois

Cén fáth go dtagann an aois orainn agus go bhfaighimid bás?

Freagraíonn an Bíobla an cheist sin ag GEINEASAS 3:17-19 agus RÓMHÁNAIGH 5:12.

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn