Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • T-36 leathanaigh 1-4
  • Céard í Ríocht Dé?

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Céard í Ríocht Dé?
  • Céard í Ríocht Dé?
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Cén Dearcadh Atá Agat Ar An Todhchaí?
    Cén dearcadh atá agat ar an todhchaí?
  • Meas Tú Cé Atá i gCeannas An Domhain?
    Meas Tú Cé Atá i gCeannas An Domhain?
  • An Féidir Leis na Mairbh Maireachtáil Arís?
    An féidir leis na mairbh maireachtáil arís?
  • An mBeidh Deireadh go Deo le Fulaingt?
    An mBeidh Deireadh go Deo le Fulaingt?
Tuilleadh
Céard í Ríocht Dé?
T-36 leathanaigh 1-4
Daoine ó chulraí éagsúla ag guí go dtiocfaidh Ríocht Dé

Céard í Ríocht Dé?

An ndéarfá . . .

  • rud éigin i do chroí?

  • leagan cainte?

  • rialtas sna flaithis?

DEIR AN BÍOBLA

“Cuirfidh Dia neimhe ríocht ar bun nach scriosfar choíche.”—Dainéil 2:44, An Bíobla Naofa.

“Tugadh mac dúinn; tá an tiarnas ar a ghualainn.”—Íseáia 9:5.

AN TAIRBHE ATÁ ANN DUITSE

  • Rialtas fíréanta a mbainfidh tú leas as.—Íseáia 48:17, 18.

  • Saol sona agus sláinte fhoirfe ar an domhan nua atá le teacht.—Apacailipsis 21:3, 4.

Daoine ag garraíodóireacht agus ag baint sult as an saol i bparthas ar talamh faoi cheannas Ríocht Dé

AN FÉIDIR AN BÍOBLA A CHREIDIÚINT?

Is féidir, agus tá ar a laghad dhá chúis leis seo:

  • Thaispeáin Íosa an rud a dhéanfaidh Ríocht Dé. Mhúin Íosa dá lucht leanúna le guí go dtiocfadh Ríocht Dé agus go ndéanfaí toil Dé ar an talamh. (Matha 6:9, 10) Léirigh Íosa an chaoi a gcomhlíonfar an phaidir sin.

    Nuair a bhí sé ar an talamh, bheathaigh Íosa na hocraigh, leigheas sé daoine tinne, agus thóg sé na mairbh ón mbás! (Matha 15:29-38; Eoin 11:38-44) Thug Íosa réamhthaispeántas álainn ar an rud a dhéanfadh an Ríocht sin dá ngéillsineach nuair a bheadh sé féin ina Rialtóir ar Ríocht Dé.—Apacailipsis 11:15.

  • Deimhníonn cúinsí domhanda go dtiocfaidh Ríocht Dé go luath. Thuar Íosa go mbeadh cogaí, gortaí agus creathanna talún go forleathan ar fud an domhain sula gcuirfeadh Ríocht Dé síocháin i bhfeidhm ar an domhan.—Matha 24:3, 7.

    Tá na rudaí céanna seo le feiceáil inniu. Mar sin is féidir linn a bheith dóchasach go gcuirfidh Ríocht Dé deireadh go luath leis na fadhbanna seo ar fad.

ÁBHAR MACHNAIMH

Domhan álainn faoi cheannas Ríocht Dé

Cén sórt saoil a bheidh ann nuair a bheidh Ríocht Dé ag rialú?

Freagraíonn an Bíobla an cheist sin ag SALM 37:29 agus ÍSEÁIA 65:21-23.

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn