CEACHT 5
Déanann Samúéil an Rud Ceart
Ó bhí sé an-óg, bhí Samúéil ina chónaí agus ag obair ag an taibearnacal, an áit a dtagadh na daoine chun Iehova a adhradh. An bhfuil a fhios agat cén chaoi ar tharla sé go raibh Samúéil ag an taibearnacal? Ar dtús, cuirimis aithne ar Hanná, máthair Shamúéil.
Cé gurbh é mian a croí é, ní raibh Hanná in ann páiste a bheith aici ar feadh i bhfad. Mar sin ghuigh sí chuig Iehova agus rinne sí achainí air cabhrú léi. Gheall sí dá mbeadh mac aici, go gcuirfeadh sí chuig an taibearnacal é chun cónaí agus chun oibriú ann. D’éist Iehova lena guí agus bhí mac aici. Thug sí Samúéil mar ainm air. Agus díreach mar a gheall Hanná, nuair a bhí Samúéil trí nó ceithre bliana d’aois, thug sí go dtí an taibearnacal é chun freastal a dhéanamh ar Dhia.
Ba é Éilí a bhí ina ardshagart ag an taibearnacal. Bhí a bheirt mhac ag obair ann freisin. Ná dearmad gurb é an taibearnacal teach adhartha Dé, áit a mbeifeá ag súil le rudaí maithe ó dhaoine. Ach bhí mic Éilí ag déanamh drochrudaí. Chonaic Samúéil na rudaí a bhí siad a dhéanamh. An ndearna Samúéil drochrudaí ar nós mhic Éilí?— Ní dhearna. Lean sé air ag déanamh an chirt, díreach mar a bhí múinte ag a thuismitheoirí dó.
Meas tú céard ba cheart d’Éilí a bheith déanta aige faoina bheirt mhac?— Bhí aige pionós a chur orthu. Níor cheart dó ligeann dóibh oibriú ag teach Dé ní ba mhó. Nuair nach ndearna Éilí é sin, bhí fearg ar Iehova leis féin agus lena bheirt mhac. Bheartaigh Iehova pionós a chuir orthu.
Thug Samúéil teachtaireacht Iehova d’Éilí
Oíche amháin nuair a bhí Samúéil ina chodladh, chuala sé duine éigin ag glaoch air: ‘A Shamúéil!’ Rith sé chuig Éilí, ach dúirt Éilí: ‘Níor ghlaoigh mise ort.’ Tharla an rud céanna arís faoi dhó. Tar éis an tríú glaoch, dúirt Éilí le Samúéil dá gcloisfeadh sé an glór arís, é seo a rá: ‘Labhair le do thoil a Iehova, tá mé ag éisteacht.’ Sin mar a rinne Samúéil. Ansin dúirt Iehova le Samúéil: ‘Abair le hÉilí go gcuirfidh mé pionós ar a theaghlach mar gheall ar na drochrudaí atá déanta acu.’ Meas tú an raibh sé éasca ag Samúéil an teachtaireacht seo a thabhairt d’Éilí?— Ní raibh. Ach cé go raibh faitíos ar Shamúéil, rinne sé mar a dúirt Iehova leis a dhéanamh. Tharla gach rud a dúirt Iehova. Maraíodh beirt mhac Éilí, agus fuair Éilí é féin bás.
Thug Samúéil dea-shampla dúinn. Rinne sé an rud ceart cé go bhfaca sé daoine eile ag déanamh drochrudaí. Céard fútsa? An leanfaidh tusa ort ag déanamh an rud ceart mar a rinne Samúéil? Má leanann, cuirfidh tú áthas ar Iehova agus ar do thuismitheoirí.