SCÉAL 55
Seirbhís Buachalla do Dhia
NACH dathúil an buachaill beag é seo? Samúél is ainm dó. Is é an fear a bhfuil láimh aige ar chloigeann Shamúél ná árd shagart Iosraeil, Éilí. Sin é athair Shamúél, Ealcáná, agus a mháthair, Hanná, atá ag tabhairt Shamúél chuig Éilí.
Níl Samúél ach ceathair nó cúig de bhlianta. Ach cónóidh sé anseo ag taibearnacail Iehobhah in éineacht le Éilí agus na sagairt eile. Ach cén fáth go gcuirfeadh a mhuintir duine chomh hóg le Samúél i seirbhís Iehobhah ag an taibearnacail. Feicfimid.
Cúpla bliain roimhe seo bhí Hanná an-bhrónach. Sé an chúis a bhí leis ná nach raibh sí in ann páiste a bheith aicí. Theastaigh ceann go mór uaithi. Lá amháin nuair a bhí Hanná ar cuairt ag taibearnacail Iehobhah, ghuigh sí: ‘Ó a Iehobhah, ná déan dearmad orm! Má thugann tú mac dom geallaim duit go dtabharfaidh mé duitse é chun go bhféadfaidh sé freastal ort ar feadh a shaol.’
D’fhreagair Iehobhah paidir Hanná agus míosa ina dhiaidh sin rugadh Samúél. Bhí grá ag Hanná dá buachaill beag agus mhúin sí faoi Iehobhah dó nuair a bhí se fós an bheag. Dúirt sí lena fear: ‘Chomh luath is bhéidh Samúél scoite agam tabharfaidh mé síos go dtí an taibearnacail é le freastal ar Iehobhah ansin.’
Seo é atá Hanná agus Ealcáná a dhéanamh sa bpictiúr. Agus mar go bhfuil Samúél oilte chomh maith sin ag a thuismitheoirí, tá áthas air a bheith in ann freastal ar Iehobhah anseo. Gach bliain tagann Hanná agus Ealcáná chun adhradh ag an bpuball speisialta seo, agus chun cuairt a thabhairt ar a mbuachaill beag. Agus gach bliain tugann siad cóta nua gan muinchillí dó.
Imíonn na blianta. Fanann Samúél ag freastal ag taibearnacail Iehobhah. Tá cion ag Iehobhah agus ag na daoine air. Is mic gan mhaith iad mic Éilí, Hof’naí agus Pín’ea·chas. Cuireann siad fiú ar dhaoine eile bheith easumhal do Iehobhah. Ba cheart d’Éilí an sagartóireacht a bhaint dóibh, ach ní bhaineann.
Ní ligeann Samúél óg do na drochrudaí atá ar siúl ag an taibearnacail é a stopadh ó freastal ar Iehobhah. Ach mar gur líon beag daoine a bhfuil grá dáiríre acu do Iehobhah, is fada ó labhair Iehobhah le duine daonna. Nuair a théann Samúél in aois seo mar a thárlaíonn:
Tá Samúél ina chodladh ins an taibearnacail nuair a dhúisíonn glór é. Freagraíonn sé: ‘Tá mé anseo.’ Ritheann sé go dtí Éilí agus deireann sé: ‘Ghlaoigh tú orm agus tá mé anseo.’
Ach freagraíonn Éilí: ‘Níor ghlaoigh mise ort; fill ar do leaba.’ Mar sin filleann Samúél ar a leaba.
Tagann an dara glaoch: ‘A Shamúél!’ Éiríonn Samúél agus arís ritheann sé go dtí Éilí: ‘Ghlaoigh tú orm agus tá mé anseo,’ a deireann sé. Ach freagraíonn Éilí: ‘Níor ghlaoigh mé ort, a mhic, luigh síos arís.’ Mar sin filleann Samúél ar a leaba.
‘A Shamúél!’ glaonn an glór don tríú huair. Ritheann Samúél go dtí Éilí. ‘Tá mé anseo. Caithfidh gur ghlaoigh tú orm an uair seo,’ a deireann sé. Tá fhios ag Éilí anois gurb é Iehobhah atá ag glaoch. Deireann sé le Samúél: ‘Téigh agus luigh síos uair amháin eile, agus má ghlaonn sé arís abair: ‘Labhair, a Iehobhah, martá do shearbhónta ag éisteacht.’
Deireann Iehobhah le Samúél go bhfuil sé chun píonós a chuir ar Éilí agus a chuid mic. Níos deireanaí maraítear Hof’naí agus Pín’ea·chas i gcath leis na Fi·lis’tínigh. Nuair a chloiseann Éilí é seo titeann sé, briseann sé a mhuineál agus fáigheann seiseann bás freisin. Mar sin comhlíontar focal Iehobhah.
Fásann Samúél suas. Is é an breitheamh deireanach ar Iosrael é. Nuair atá sé sean iarrann na daoine air: ‘Roghnaigh rí chun sinn a rialú.’ Ní maith le Samúél é seo mar is é Iehobhah an rí orthu dáiríre. Ach deireann Iehobhah leis cluais a thabhairt dóibh.