Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • yc ceacht 7 leathanaigh 16-17
  • An mBíonn Uaigneas nó Faitíos Ort Riamh?

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An mBíonn Uaigneas nó Faitíos Ort Riamh?
  • Ag Foghlaim Le Chéile Ó Dhia
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Tugann Iehova Misneach d’Éilias
    Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • Teist ar Shliabh Chairmeil
    Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
Ag Foghlaim Le Chéile Ó Dhia
yc ceacht 7 leathanaigh 16-17
Buachaill beag atá uaigneach agus faiteach

CEACHT 7

An mBíonn Uaigneas nó Faitíos Ort Riamh?

Féach ar an mbuachaill beag sa phictiúr. Tá an chosúlacht air go bhfuil uaigneas agus faitíos air, nach bhfuil? Ar mhothaigh tusa mar sin riamh?— Mothaíonn gach duine mar sin anois agus arís. Déanann an Bíobla cuir síos ar chairde le Iehova a raibh uaigneas agus faitíos orthu freisin. Bhí Éilias ar dhuine acu sin. Cuirimis aithne air anois le chéile.

An Bhanríon Ízeibil ag screadach go feargach

Bhí Ízeibil ag iarraidh Éilias a mharú

I bhfad ó shin, sular rugadh Íosa, mhair Éilias in Iosrael. Ní raibh Acháb, rí Iosrael, ag adhradh an Fhíor-Dhia, Iehova. Bhí Acháb agus a bhean Ízeibil, ag tabhairt adhradh don dia bréige, Bál. Mar sin, thosaigh formhór na ndaoine in Iosrael ag tabhairt adhradh do Bhál freisin. Bhí an Bhanríon Ízeibil an-ghránna agus bhí sí ag iarraidh na daoine ar fad a bhí ag adhradh Iehova a mharú—Éilias san áireamh! An bhfuil a fhios agat céard a rinne Éilias?—

Theith sé! Chuaigh sé amach i bhfad sa bhfásach agus chuaigh sé i bhfolach i bpluais. Meas tú cén fáth a ndearna sé é sin?— Bhí faitíos air. Ach níor ghá d’Éilias faitíos a bheith air. Cén fáth? Mar bhí a fhios aige go raibh Iehova in ann cabhrú leis. Thaispeáin Iehova a chumhacht d’Éilias cheana. Uair amháin, chaith Iehova tine anuas ó neamh mar fhreagra ar ghuí a rinne Éilias. Mar sin, go cinnte, bhí Iehova in ann cabhrú le hÉilias anois!

Chaith Iehova tine anuas ó neamh mar fhreagra ar ghuí a rinne Éilias; Éilias i bpluais; Éilias sona sásta tar éis dó focail spreagúla Iehova a cloisteáil

Cén chaoi ar chabhraigh Iehova le hÉilias?

Le linn dó a bheith istigh sa phluais, labhair Iehova leis agus d’fhiafraigh sé de: ‘Céard atá tú ag déanamh anseo?’ D’fhreagair Éilias: ‘Is mise an t-aon duine amháin atá fós ag tabhairt adhradh duit. Tá mé asam féin, agus tá faitíos orm go marófar mé.’ Cheap Éilias go raibh gach duine eile d’adhraitheoirí Iehova maraithe. Ach dúirt Iehova le hÉilias: ‘Níl sé sin fíor. Tá 7,000 duine eile ann atá fós do m’adhradh. Bíodh misneach agat. Tá tuilleadh oibre agam duit!’ Meas tú an raibh Éilias sásta é sin a chloisteáil?—

Céard is féidir leatsa a fhoghlaim ó gach a tharla d’Éilias?— Ní gá uaigneas ná faitíos a bheith ort riamh. Tá cairde agat a bhfuil grá acu do Iehova agus duitse. Chomh maith leis sin, tá Iehova an-chumhachtach agus cabhróidh sé leat i gcónaí! An bhfuil ríméad ort go bhfuil a fhios agat nach bhfuil tú asat féin riamh?—

LÉIGH I DO BHÍOBLA

  • 1 Ríthe 19:3-18

  • Salm 145:18

  • 1 Peadar 5:9

CEISTEANNA:

  • Le linn Éilias, ar thug formhór mhuintir Iosrael adhradh do Iehova?

  • Cén fáth ar theith Éilias agus a ndeachaigh sé i bhfolach i bpluais?

  • Céard a d’inis Iehova d’Éilias?

  • Céard is féidir linn a fhoghlaim ó gach ar tharla d’Éilias?

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn