Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • yc ceacht 8 leathanaigh 18-19
  • Bhí Cairde Maithe ag Ióisíá

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Bhí Cairde Maithe ag Ióisíá
  • Ag Foghlaim Le Chéile Ó Dhia
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Bhí Ómós ag Ióisíá do Dhlí Dé
    Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • Rí Maith Deireanach Iosrael
    Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
  • A Dhaoine Óga​—Cén Chaoi a nÉireoidh Libh sa Saol?
    An Túr Faire ag Fógairt Ríocht Iehova (Staidéar)—2023
Ag Foghlaim Le Chéile Ó Dhia
yc ceacht 8 leathanaigh 18-19
Éisteann Ióisíá lena chara Irimia

CEACHT 8

Bhí Cairde Maithe ag Ióisíá

Meas tú an bhfuil sé deacair an rud atá ceart a dhéanamh?— Ceapann formhór na ndaoine go bhfuil. De réir an Bhíobla, bhí sé thar a bheith deacair ag buachaill darbh ainm Ióisíá an rud ceart a dhéanamh. Ach bhí cairde maithe aige a chabhraigh leis. Cuirfimid aithne le chéile ar Ióisíá agus ar a chairde.

Ba é Ámón, rí Iúdá, athair Ióisíá. Drochdhuine a bhí in Ámón agus bhíodh sé ag adhradh na n-íol. Nuair a bhásaigh a athair tháinig Ióisíá i gcomharbas air, mar rí ar Iúdá. Ní raibh sé ach ocht mbliana d’aois! Ar dhrochdhuine a bhí ann cosúil lena athair, meas tú?— Níorbh ea!

Tugann an fáidh  Zafainiá teachtaireacht Iehova do mhuintir Iúdá

Chuir Zafainiá fainic ar na daoine gan na híola a adhradh

Fiú agus é an-óg, bhí Ióisíá ag iarraidh toil Iehova a dhéanamh. Sin é an fáth ar bheartaigh sé nach mbeadh de chairde aige ach iad siúd a raibh grá acu do Iehova. Thug siadsan cabhair do Ióisíá leis an rud ceart a dhéanamh. Cérbh iad cuid de chairde Ióisíá?

Ba dhuine dá chairde é Zafainiá. Fáidh a bhí i Zafainiá a chuir fainic ar mhuintir Iúdá go dtarlódh drochrudaí dóibh dá mbeidís ag adhradh na n-íol. D’éist Ióisíá le Zafainiá agus thug sé adhradh do Iehova, ní do na híola.

Ba dhuine eile de chairde Ióisíá é Irimia. Bhí sé thart ar an aois chéanna le hIóisíá, agus chónaigh siad in aice lena chéile nuair a bhí siad óg. De bharr an dlúthchairdis a bhí eatarthu chum Irimia amhrán speisialta ag caoineadh Ióisíá nuair a fuair sé bás. Thug Irimia agus Ióisíá cabhair dá chéile an rud a bhí ceart a dhéanamh agus a bheith umhal do Iehova.

Thug Ióisíá agus Irimia cabhair dá chéile leis an rud ceart a dhéanamh

Céard atá le foghlaim agatsa ó Ióisíá?— Fiú agus é ina bhuachaill beag, bhí sé ag iarraidh an rud ceart a dhéanamh. Bhí a fhios aige nár cheart a bheith de chairde aige ach daoine a raibh grá acu do Iehova. Déan cinnte go roghnóidh tusa cairde a bhfuil grá acu do Iehova agus atá in ann cabhair a thabhairt duit an rud atá ceart a dhéanamh!

LÉIGH I DO BHÍOBLA

  • 2 Croinicí 33:21-25; 34:1, 2; 35:25

CEISTEANNA:

  • Cérbh é athair Ióisíá? An ndearna sé an rud ceart?

  • Céard a bhí Ióisíá ag iarraidh a dhéanamh fiú nuair a bhí sé ina bhuachaill beag?

  • Cén t-ainm a bhí ar bheirt de chairde Ióisíá?

  • Céard atá le foghlaim agatsa ó Ióisíá?

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn