Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • yc ceacht 9 leathanaigh 20-21
  • Ní Stopadh Irimia Ag Labhairt Faoi Iehova

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Ní Stopadh Irimia Ag Labhairt Faoi Iehova
  • Ag Foghlaim Le Chéile Ó Dhia
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • An Fáidh Irimia
    Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • Fear gan Faitíos
    Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
Ag Foghlaim Le Chéile Ó Dhia
yc ceacht 9 leathanaigh 20-21

CEACHT 9

Ní Stopadh Irimia ag Labhairt Faoi Iehova

Irimia timpeallaithe ag slua feargach

Cén fáth a bhfuil na daoine feargach le hIrimia?

Irimia á tharraingt aníos as pholl domhain puitigh

Shábháil Iehova Irimia

Go minic bíonn daoine ag magadh fúinn nó feargach linn nuair a labhraímid leo faoi Iehova. D’fhéadfadh sé seo fonn a chuir orainn gan labhairt faoi Dhia níos mó. Ar mhothaigh tusa mar seo riamh?— Déanann an Bíobla cur síos ar fhear óg a raibh grá aige do Iehova, ach is beag nár stop sé ag labhairt faoi. Irimia an t-ainm a bhí air. Cuirfimid aithne anois air le chéile.

Nuair a bhí Irimia ina fhear óg, dúirt Iehova leis go gcaithfeadh sé fainic a chur ar na daoine éirí as na drochrudaí a bhí siad a dhéanamh. Bhí sé seo an-deacair ag Irimia, agus bhí faitíos air. Dúirt sé le Iehova: ‘Níl a fhios agam céard a dhéarfaidh mé. Níl ionam ach buachaill.’ Ach dúirt Iehova: ‘Ná bíodh faitíos ort. Cabhróidh mise leat.’

Mar sin thosaigh Irimia ag cur fainic ar na daoine go gcuirfí pionós orthu mura n-athróidís. Meas tú an ndearna na daoine mar a dúirt Irimia leo?— Ní dhearna. Bhí siad ag magadh faoi, nó bhí siad an-fheargach leis. Bhí cuid acu ag iarraidh é a mharú fiú! Meas tú cén chaoi ar mhothaigh Irimia?— Bhí faitíos air agus dúirt sé: ‘Ní labhróidh mé go deo arís faoi Iehova.’ Ach ar thug sé suas a chás?— Níor thug. Bhí an oiread grá aige do Iehova is nárbh fhéidir leis gan a bheith ag labhairt faoi. Ós rud é nár thug Irimia suas a chás, choinnigh Iehova slán sábháilte é.

Mar shampla, uair amháin chaith drochfhir Irimia isteach i bpoll domhain a bhí lán de phuiteach. Ní raibh bia ná uisce aige. Bhí na fir sin ag iarraidh Irimia a fhágáil ansin go ngeobhadh sé bás. Ach le cabhair Iehova, d’éalaigh sé!

Céard is féidir leatsa a fhoghlaim ó dhea-shampla Irimia?— Níor stop sé ag labhairt faoi Iehova, cé go raibh faitíos air go minic. Nuair a labhraíonn tusa faoi Iehova, b’fhéidir go mbíonn daoine ag magadh fút nó feargach leat. B’fhéidir go mbíonn náire ort nó faitíos fiú. Ach ná stopadh sé sin thú ó bheith ag labhairt faoi Iehova. Cabhróidh sé leat i gcónaí, díreach mar a chabhraigh sé le hIrimia.

LÉIGH I DO BHÍOBLA

  • Irimia 1:4-8; 20:7-9; 26:8-19, 24; 38:6-13

CEISTEANNA:

  • Céard a dúirt Iehova le hIrimia a dhéanamh?

  • Cén fáth ar bheag nár stop Irimia ag labhairt faoi Iehova?

  • Cén chaoi ar chabhraigh Iehova le hIrimia?

  • Céard atá foghlamtha agatsa ó dhea-shampla Irimia?

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn