Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • yc ceacht 11 leathanaigh 24-25
  • Scríobh Siad Faoi Íosa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Scríobh Siad Faoi Íosa
  • Ag Foghlaim Le Chéile Ó Dhia
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Comhairle Maidir le Creideamh, Iompar, Agus Grá
    An Bíobla—Cén Teachtaireacht atá Ann?
  • Ní Raibh Iontu Ach “Ghnáth Dhaoine Gan Léann”
    “Bearing Thorough Witness” About God’s Kingdom
  • Cé hÉ Íosa Críost?
    Céard Go Díreach a Mhúineann An Bíobla?
  • Is Féidir Leat a Bheith Buanseasmhach, Cosúil le Peadar
    An Túr Faire ag Fógairt Ríocht Iehova (Staidéar)—2023
Ag Foghlaim Le Chéile Ó Dhia
yc ceacht 11 leathanaigh 24-25
Fir a scríobh faoi Íosa—Matha, Marcas, Lúcás, Eoin, Peadar, Seamas, Iúd, agus Pól

CEACHT 11

Scríobh Siad Faoi Íosa

An bhfeiceann tú na fir sa phictiúr?— Seo iad Matha, Marcas, Lúcás, Eoin, Peadar, Séamas, Iúd agus Pól. Mhair na fir seo ag an am céanna le hÍosa agus scríobh siad faoi. Cuirfimid aithne orthu anois.

Céard atá ar eolas agat faoi na fir seo?

B’aspail iad triúr acu a bhíodh ag craobhscaoileadh in éineacht le hÍosa. An bhfuil a fhios agat cé hiad an triúr?— Matha, Eoin, agus Peadar. Bhí aithne mhaith ag na haspail Matha agus Eoin ar Íosa agus scríobh siad leabhar an duine faoina shaol. Scríobh an t-aspal Eoin leabhar eile dár teideal an Apacailipsis, agus trí litir ar a dtugtar Céad Eoin, Dara Eoin agus Tríú Eoin. Scríobh an t-aspal Peadar dhá litir de na litreacha atá sa Bhíobla. Tugtar Céad Pheadair agus Dara Pheadair orthu. Sa dara litir, déanann Peadar cur síos ar an am a labhair Iehova ó neamh agus a dúirt sé faoi Íosa: ‘Seo é mo Mhac. Tá grá agam dó agus tá mé bródúil as.’

Múineann na fir eile sa phictiúr dúinn faoi Íosa freisin trí na leabhair a scríobh siadsan. Tá Marcas ar dhuine acu seo. Is cosúil go raibh seisean i láthair nuair a gabhadh Íosa agus go bhfaca sé gach ar tharla. Bhí Lúcás ar dhuine eile acu. Is dochtúir leighis a bhí ann agus is cosúil nár iompaigh sé ina Chríostaí go dtí tar éis bhás Íosa.

Ba bheirt dheartháireacha óga le hÍosa an bheirt eile sa phictiúr a raibh láimh acu i scríobh an Bhíobla. An bhfuil a fhios agat cén t-ainm atá orthu?— Séamas agus Iúd. Níor chreid siad in Íosa ar dtús. Bhí siad ag ceapadh go raibh sé as a mheabhair fiú. Ach chreid siad in Íosa níos déanaí agus d’iompaigh siad ina gCríostaithe.

Is é Pól an scríbhneoir Bíobla deiridh a fheiceann tú sa phictiúr. Sól a bhí mar ainm air sular iompaigh sé ina Chríostaí. Bhí an ghráin aige ar Chríostaithe agus bhí sé an-tútach leo. An bhfuil a fhios agat cén fáth a raibh Pól ag iarraidh a bheith ina Chríostaí?— Lá amháin, bhí Pól ag taisteal ar an mbóthar agus go tobann chuala sé duine éigin ag labhairt leis ó neamh. Íosa a bhí ann! D’fhiafraigh sé de Phól: ‘Cén fáth a bhfuil tú chomh tútach sin leis an dream a chreideann ionamsa?’ Ina dhiaidh sin, d’athraigh Pól agus d’iompaigh sé ina Chríostaí. Scríobh Pól 14 de leabhair an Bhíobla, ó Rómhánaigh go hEabhraigh.

Ar thosaigh tú fós ag léamh na leabhair faoi Íosa atá sa Bhíobla nó an bhfuil duine éigin á léamh duit?— Tá foghlaim faoi Íosa ar cheann de na rudaí is fearr is féidir leat a dhéanamh anois. Ar mhaith leat é sin a dhéanamh?—

LÉIGH I DO BHÍOBLA

  • 2 Peadar 1:16-18

  • Marcas 3:21; 14:51

  • Iúd 1

  • Gníomhartha 9:1-18

CEISTEANNA:

  • Cérbh iad na haspail a scríobh faoi Íosa?

  • Cén bheirt scríbhneoirí Bíobla a bhí ina ndeartháireacha ag Íosa?

  • Cén chaoi ar tharla sé gur iompaigh Pól ina Chríostaí?

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn