Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • bm cuid 25 lth. 29
  • Comhairle Maidir le Creideamh, Iompar, Agus Grá

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Comhairle Maidir le Creideamh, Iompar, Agus Grá
  • An Bíobla—Cén Teachtaireacht atá Ann?
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Scríobh Siad Faoi Íosa
    Ag Foghlaim Le Chéile Ó Dhia
  • Litreacha Phóil
    An Bíobla—Cén Teachtaireacht atá Ann?
  • Ceachtanna Atá Le Foghlaim Againn ó Dhá Litir Pheadair
    An Túr Faire ag Fógairt Ríocht Iehova (Staidéar)—2023
An Bíobla—Cén Teachtaireacht atá Ann?
bm cuid 25 lth. 29
Scríobhann duine de scríbhneoirí an Bhíobla litir

CUID 25

Comhairle Maidir le Creideamh, Iompar, Agus Grá

Scríobhann Séamas, Peadar, Eoin, agus Iúd litreacha chun na Críostaithe a spreagadh

BA leathdheartháireacha le hÍosa iad Séamas agus Iúd. Bhí Peadar agus Eoin ar bheirt den 12 aspal a bhí ag Íosa. Scríobh an ceathrar seo seacht gcinn de na litreacha atá le fáil sna Scrioptúir Gréigise Críostaí. Sé ainm an té a scríobh í atá ar gach litir acu. Bhí sé i gceist go gcuirfeadh an chomhairle inspioráidithe ó Dhia atá le fáil sna litreacha seo ar chumas Chríostaithe fanacht dílis do Iehova agus a Ríocht a choinneáil os a gcomhair amach.

Léirigh creideamh. Ní leor a bheith ag maíomh go bhfuil creideamh againn. Déantar gníomh de bharr fíorchreideamh. “Tá an creideamh marbh gan dea-oibreacha,” a scríobh Séamas. (Séamas 2:26) Cruthaítear buanseasmhacht nuair a léirítear muinín i nDia agus duine faoi thriail. Le go n-éireoidh leis, ní mór do Chríostaí eagna a iarraidh ar Dhia, agus é lánchinnte go dtabharfaidh Dia dó é. Bíonn Dia sásta linn nuair a léiríonn muid buanseasmhacht. (Séamas 1:2-6, 12) Má bhíonn Críostaí ionraic de bharr a chreideamh, tabharfaidh Dia aird air. “Druidigí i gcóngar Dé” a deir Séamas, “agus druidfidh Dia in bhur gcóngarsa.”—Séamas 4:8.

Ní mór do chreideamh an Chríostaí a bheith chomh láidir is go gcuireann sé ar a chumas diúltú do chathú agus do thionchair mhímhorálta. Is é an timpeallacht mhímhorálta a bhí ann ag an am, a spreag Iúd le himpí ar Chríostaithe “troid go dian ar son an chreidimh.”—Iúd 3.

Iompar glan. Éilíonn Iehova naofacht orthu siúd a adhrann é, sé sin, go mbeidís glan ar gach bealach. Scríobhann Peadar: “Bígí-se naofa in bhur n-iompar go léir, mar tá scríofa: ‘Bígí naofa mar go bhfuilimse [Iehova] naofa.’” (1 Peadar 1:15, 16) Tá dea-shampla ag Críostaithe ar fiú aithris a dhéanamh air. Deir Peadar: “Mar gur fhulaing Críost féin ar bhur son, agus gur fhág sé sampla agaibh le go leanfadh sibh a lorg.” (1 Peadar 2:21) Cé gur féidir le Críostaithe fulaingt de bharr dlíthe Dé a leanúint, déanann siad é “le coinsias glan.” (1 Peadar 3:16, 17) Molann Peadar do Chríostaithe a bheith ag cur thar maoil le hiompar naofa agus le gníomhartha cráifeachta agus iad ag fanacht le lá bhreithiúnas Dé agus “le domhan nua mar a lonnóidh an fhíréantacht.”—2 Peadar 3:11-13.

“Druidigí i gcóngar Dé agus druidfidh Dia in bhur gcóngarsa.”—Séamas 4:8

Taispeáin grá. “Is é Dia an Grá,” a scríobh Eoin. Insíonn an t-aspal dúinn gur léirigh Dia a mhórghrá trí Íosa a chur chugainn mar “íobairt sásaimh ar ár bpeacaí.” Cén freagra is ceart do Chríostaithe a thabhairt ar sin? Míníonn Eoin: “A chairde cléibh, ós fíor gur thug Dia grá dúinne nach mithid dúinne grá a thabhairt dá chéile.” (1 Eoin 4:8-11) Bealach amháin chun an grá seo a thaispeáint ná caitheamh go flaithiúil lenár gcomhadhraitheoirí.—3 Eoin 5-8.

Cén chaoi ar féidir le hadhraitheoirí Iehova a ngrá a léiriú dó? Freagraíonn Eoin: “Mar gurb é seo grá Dé, comhlíonadh a aitheanta; agus ní tromualach a aitheanta.” (1 Eoin 5:3; 2 Eoin 6) Geallann Dia go leanfaidh sé ag tabhairt grá dóibh siúd atá umhal dó agus treoróidh sé “chun na beatha síoraí” iad.—Iúd 21.

—Bunaithe ar Séamas; 1Peadar; 2 Peadar; 1 Eoin; 2 Eoin; 3 Eoin; Iúd.

  • Cén chaoi a léiríonn Críostaí creideamh?

  • Cén sórt iompair a bhfuil Dia ag súil leis óna adhraitheoirí?

  • Cén chaoi a léiríonn duine go bhfuil fíorghrá aige do Dhia?

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn