CUID 24
Litreacha Phóil
Neartaíonn litreacha Phóil an eagraíocht Chríostaí
BHEADH páirt thábhachtach ag an bpobal Críostaí nuabhunaithe i gcomhlíonadh chuspóir Iehova. Ach ní fada gur tháinig Críostaithe na chéad aoise faoi ionsaí. An bhfanfaidís dílis do Dhia agus iad faoi ghéarleanúint ón taobh amuigh agus ag iarraidh déileáil le contúirtí eile ón taobh istigh? Fuair siad comhairle agus spreagadh a bhí tráthúil sna 21 litir atá sna Scrioptúir Gréigise Críostaí.
Scríobh Pól ceithre cinn déag de na litreacha seo–ó Rómhánaigh go dtí Eabhraigh. Tá na litreacha seo ainmnithe ina ndiaidh siúd ar seoladh chucu iad—más duine aonarach nó baill de phobal ar leith a bhí ann. Féach ar chuid de na hábhair a phléitear i litreacha Phóil.
Comhairle maidir le moráltacht agus iompar. Má chleachtann daoine drúis, adhaltranas agus peacaí tromchúiseacha eile, “ní bhfaighidh siad ríocht Dé mar oidhreacht.” (Galataigh 5:19-21; 1 Corantaigh 6:9-11) Caithfidh aontas a bheith i measc adhraitheoirí Iehova, beag beann ar an gcine dár díobh iad. (Rómhánaigh 2:11; Eifisigh 4:1-6) Ní mór dóibh cabhrú go croíúil lena gcomhChríostaithe a bhíonn i gcruachás. (2 Corantaigh 9:7) Deir Pól “Bígí ag guí gan staonadh.” Go deimhin, moltar d’adhraitheoirí a gcroíthe a nochtadh do Iehova ina gcuid paidreacha. (1 Teasalónaigh 5:17; 2 Teasalónaigh 3:1; Filipigh 4:6, 7) Chun go n-éistfidh Dia lenár bpaidreacha, caithfimid creideamh a bheith againn ann.—Eabhraigh 11:6.
Céard a chuirfidh rath ar theaghlaigh? Ba cheart d’fhear céile an grá céanna a thabhairt dá bhean agus a thugann sé dá cholainn féin. Ba cheart do bhean chéile ómós ó chroí a thabhairt dá fear. Ba cheart do pháistí a bheith umhal dá dtuismitheoirí mar tá sé seo taitneamhach do Dhia. Ní mór do thuismitheoirí a gcuid páistí a threorú agus a oiliúint go grámhar le prionsabail dhiaga.—Eifisigh 5:22–6:4; Colosaigh 3:18-21.
Léargas ar chuspóir Dé. Rinne gnéithe de Dhlí Mhaois na hIosraeilítigh a chosaint agus a threorú go dtí gur tháinig Críost. (Galataigh 3:24) Mar sin féin, níl aon dualgas ar Chríostaithe an Dlí sin a leanúint agus iad ag adhradh Dé. Nuair a scríobh Pól chuig na hEabhraigh—Críostaithe ar Ghiúdaigh ó dhúchas iad—thug sé léargas ar an mbrí a bhí leis an Dlí agus ar an gcaoi a gcomhlíontar cuspóir Dé i gCríost. Mhínigh Pól go raibh brí thairngeartach le gnéithe éagsúla den Dlí sin. Mar shampla, bhí na hainmhithe ar déanadh íobairt díobh ina réamhscáil ar bhás íobartach Íosa, a bhainfeadh amach maithiúnas iomlán dár bpeacaí. (Eabhraigh 10:1-4) Trí bhás Íosa, chuir Dia an conradh a bhain leis an Dlí ar ceal, ní raibh gá leis níos mó.—Colosaigh 2:13-17; Eabhraigh 8:13.
Eagar mar is ceart ar an bpobal Críostaí. Ní mór do na fir atá sásta cúramaí an phobail a láimhseáil caighdeán ard moráltachta agus cáilíochtaí spioradálta a bheith acu. (1 Tiomóid 3:1-10, 12, 13; Títeas 1:5-9) Ba cheart d’adhraitheoirí Iehova cruinniú le chéile go rialta chun go spreagfaidís a chéile. (Eabhraigh 10:24, 25) Ba cheart go mbeadh na cruinnithe oiliúnach agus spreagúil.—1 Corantaigh 14:26, 31.
Faoin am ar scríobh Pól an dara litir chuig Tiomóid bhí sé ar ais sa Róimh, i bpríosún, ag fanacht ar bhreithiúnas. Ba fíorbheagán daoine misniúla a chuir iad féin i mbaol chun cuairt a thabhairt air. Bhí a fhios ag Pól nach raibh aige le maireachtáil ach achar gearr. “Tá an comhrac maith tugtha agam,” arsa Pól. “Tá mo rás rite, tá an creideamh coinnithe agam.” (2 Tiomóid 4:7) Is cosúil go ndearnadh mairtíreach de Phól go gairid ina dhiaidh sin. Ach leanann fíoradhraitheoirí Iehova an treoir i litreacha Phóil go dtí an lá atá inniu ann.
—Bunaithe ar Rómhánaigh; 1 Corinthians; 2 Corantaigh; Galataigh; Eifisigh; Filipigh; Colosaigh; 1Teasalónaigh 2 Teasalónaigh; 1Tiomóid 2 Tiomóid; Títeas; Filéamón; Eabhraigh.