Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • bm cuid 1 lth. 4
  • Tugann Dia Parthas don Duine

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Tugann Dia Parthas don Duine
  • An Bíobla—Cén Teachtaireacht atá Ann?
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Cén Chaoi a Raibh an Saol i bParthas?
    Éist le Dia agus Mair go Deo
  • Díbeartha as Parthas
    An Bíobla—Cén Teachtaireacht atá Ann?
  • Chruthaigh Dia an Chéad Fhear Agus an Chéad Bhean
    Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
An Bíobla—Cén Teachtaireacht atá Ann?
bm cuid 1 lth. 4
Ádhamh agus Éabha i ngairdín Éidin, le hainmhithe thart timpeall orthu

CUID 1

Tugann Dia Parthas don Duine

Cruthaíonn Dia an chruinne fhisiceach agus gach rud atá beo ar an talamh; cruthaíonn sé fear agus bean fhoirfe, lonnaíonn sé iad i ngairdín álainn, agus tugann sé aitheanta dóibh le comhlíonadh

Leoin, éin agus fianna in ngairdín Éidin

TÁ SIAD ar na chéad fhocail is cáiliúla dár scríobhadh riamh. “I dtús báire chruthaigh Dia neamh agus talamh.” (Geineasas 1:1) Leis an abairt shimplí mhórga sin, cuireann an Bíobla Príomhphearsa na Scrioptúir Naofa in aithne dúinn—Dia uilechumhachtach, Iehova. Léiríonn an chéad véarsa sa Bhíobla gurb é Dia Cruthaitheoir na cruinne fisicí, lena n-áirítear an pláinéad ar a mairimidne. Sna véarsaí a leanann tugtar laethanta go fáthchiallach ar an tsraith tréimhsí fada inar ullmhaigh Dia an talamh le cónaí air agus inar chruthaigh sé iontais an nádúir.

Ba é an duine an ní ba iontaí a chruthaigh Dia ar an talamh. Bhí sé déanta ar dheilbh Dé—bhí ar a chumas tréithe pearsanta Iehova, a ghrá agus a eagna mar shampla, a léiriú. Rinne Dia an fear as cré na talún. Thug Dia Ádhamh mar ainm air agus ansin lonnaigh sé é in áit a bhí ina pharthas—Gairdín Éidin. Is é Dia é féin a shaothraigh an gairdín sin, á líonadh le crainn áille, torthúla.

Chonaic Dia gur theastaigh céile cúnta ón bhfear. Ag úsáid ceann d’easnacha Ádhaimh, rinne Dia bean agus thug don fhear í mar chéile. Tugadh Éabha mar ainm uirthi níos déanaí. Le lúcháir chuir Ádhamh reacht filíochta as: “Is cnámh de mo chnámha-sa í seo ar deireadh, agus is feoil de m’fheoilse í.” Mhínigh Dia: “Uime sin, fágann an fear a athair agus a mháthair agus cloíonn sé lena bhean, agus déanann aon fheoil amháin díobh.”—Geineasas 2: 22-24; 3:20.

Thug Dia dhá aithne d’Ádhamh agus Éabha. Ar dtús, d’ordaigh sé dóibh an talamh a bhí mar bhaile acu a shaothrú agus aire a thabhairt dó agus in am trátha é a líonadh lena sliocht. Ansin, dúirt sé leo gan ithe de thoradh aon chrainn amháin sa ghairdín ollmhór sin, ‘crann fhios na maitheasa agus an oilc.’ (Geineasas 2:17) Dá mbeidís easumhal, gheobhaidís bás. Trí na haitheanta sin, thug Dia deis don fhear agus don bhean a léiriú go raibh siad ag glacadh leis mar a Rialtóir. Trína bheith umhal léireoidís grá agus buíochas freisin. Ní raibh leithscéal ar bith acu gan glacadh lena riail chineálta. Ní raibh locht ná marach ar na daoine foirfe sin. Insíonn an Bíobla dúinn: “Chonaic Dia gach a ndearna sé agus, féach! bhí sé go sármhaith.”—Geineasas 1:31.

—Bunaithe ar Geineasas caibidil 1 agus 2.

  • Cén cur síos a dhéanann an Bíobla ar chruthú an duine agus an talamh a bheadh mar bhaile aige?

  • Cén sórt saoil a chuir Dia amach roimh an bhfear agus an bhean?

  • Céard iad na haitheanta a thug Dia don chéad lánúin?

AN tAINM DIAGA

Úsáideann na Scrioptúir Naofa teidil éagsúla, Cruthaitheoir agus Dia Uilechumhachtach mar shampla, le tagairt do Dhia. Cuireann cuid de na teidil béim ar thréithe Dé, a naofacht, a chumhacht, a fhíréantacht, a eagna, agus a ghrá. Mar sin féin, thug Dia ainm pearsanta sainiúil dó féin—Iehova. Sa Bhíobla, bhí an t-ainm diaga seo le feiceáil breis is 7,000 uair, an chéad uair acu sin ag Geineasas 2:4. Is é is brí leis an ainm Iehova ná “Déanann Seisean le go dTarlóidh sé.” Is ábhar sóláis é sin, mar ciallaíonn sé go bhfuil Dia in ann aon aidhm atá ar intinn aige a chur i gcrích agus go bhfuil sé in ann aon ghealltanas a thugann sé a chomhlíonadh.

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn