Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • lfb ceacht 2 lth. 10-lth. 11 alt 1
  • Chruthaigh Dia an Chéad Fhear Agus an Chéad Bhean

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Chruthaigh Dia an Chéad Fhear Agus an Chéad Bhean
  • Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • An Chéad Fhear Agus Bean
    Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
  • Cén Chaoi a Raibh an Saol i bParthas?
    Éist le Dia agus Mair go Deo
  • Cailleann Siad a mBaile
    Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
  • Tosaíonn Saol Crua
    Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
lfb ceacht 2 lth. 10-lth. 11 alt 1
Ádhamh agus Éabha i ngairdín Éidin

CEACHT 2

Chruthaigh Dia an Chéad Fhear Agus an Chéad Bhean

Rinne Dia gairdín álainn agus tugadh Éidin mar ainm air. Bhí an gairdín lán de bhláthanna, crainn, agus ainmhithe. Ansin chruthaigh Dia an chéad fhear, Ádhamh, as cré na talún agus shéid sé isteach ina pholláirí. An bhfuil a fhios agat céard a tharla ansin? Tháinig beocht sa bhfear! Chuir Iehova Ádhamh ag tabhairt aire don ghairdín agus dúirt sé leis ainm a thabhairt ar na hainmhithe go léir.

Thug Iehova ordú tábhachtach d’Ádhamh. Dúirt sé le hÁdhamh: ‘Is féidir leat ithe de gach crann sa ngairdín, ach de chrann speisialta amháin. Má itheann tú de thoradh an chrainn sin gheobhaidh tú bás.’

Ina dhiaidh sin dúirt Iehova: ‘Tá mé chun cúntóir a dhéanamh d’Ádhamh.’ Chuir Dia codladh mór ar Ádhamh, agus thóg sé ceann dá easnacha. As an easna sin chruthaigh sé bean. Tugadh Éabha mar ainm uirthi. Ba iad Ádhamh agus Éabha an chéad chlann. Cén chaoi ar mhothaigh Ádhamh faoina bhean? Bhí an oiread sin ríméid ar Ádhamh is go ndúirt sé: ‘Féach! Ar deireadh thiar thall! Duine atá cosúil liom féin.’

Dúirt Iehova le hÁdhamh agus Éabha páistí a bheith acu agus an domhan a líonadh. Bhí sé ag iarraidh go mbainfidís taitneamh as a bheith ag obair le chéile ag déanamh parthas álainn den domhan. Ach ní mar sin a tharla. Cén fáth? Beidh tuilleadh faoi seo sa gcéad scéal eile.

“[Rinne] an Cruthaitheoir ó thús iad fireann agus baineann.”—Matha 19:4

Ceisteanna: Cén obair a thug Iehova d’Ádhamh? Céard a tharlódh d’Ádhamh agus d’Éabha dá n-íosfaidís de thoradh an chrainn a bhí coiscthe orthu?

Geineasas 1:27-31; 2:7-9, 15-23; Salm 115:16; Matha 19:4-6

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn