SCÉAL 3
An Chéad Fhear Agus Bean
CÉN difríocht atá ins an bpictiúr seo? Sea, tá daoine ann. Sin iad an chéad fhear agus an chéad bhean a rinne Dia. An bhfuil fhios agatsa ainm Dé? Iehobhah a ainm. Agus Ádhamh agus Éabha a tugadh ar an bhfear agus ar an mbean.
Mar seo a rinne Iehobhah Dia Ádhamh. Thóig sé roinnt cré ón talamh agus chum sé corp as a bhí ar fheabhas, corp fir. Ansin shéid sé isteach i srón an fhir agus tháinig Ádhamh chun na beatha.
Bhí obair ag Iehobhah Dia le haghaidh Ádhaimh. Dúirt sé le Ádhamh ainm a thabhairt do na cineálacha éagsúla ainmhithe. D’fhéadfadh sé gur chaith Ádhamh tamall fada ag faire ar na hainmhithe chun go bhféadfadh sé na hainmeacha is fearr a phiocadh dóibh go léir. Ansin thug Ádhamh rud éicint faoi deara. An bhfuil fhios agat céard é?
Bhí compánach ag na hainmhithe go léir. Ach ní raibh éinne ag Ádhamh le bheith mar chompánach aige. Mar sin chuir Iehobhah codladh trom ar Ádhamh, agus thóig sé cnáimh easna as a thaobh. Ag úsáid an easna seo, rinne Iehobhah bean le haghaidh Ádhaimh, agus bhí sí mar chéile aige. Anois d’fheadfadh páistí a bheith acu agus d’fhéadfaidís maireachtáil go sona lena chéile.
Theastaigh ó Dhia go mairfeadh Ádhamh agus Éabha go deo. Theastaigh uaidh go ndéanfaidís an domhan go léir chomh gleoite le gáirdín Eden. Chaithfeadh sé go raibh an-áthas ar Ádhamh agus Éabha nuair a smaoinigh siad ar é seo a dhéanamh! Ar mhaith leatsa é dá bhféadfá cabhrú chun gáirdín gleoite a dhéanamh den domhan? Ach níor mhair sonas Ádhaimh agus Éabha. Gheobhaimid amach cén fáth.
Salm 83:18 (An Biobla Naomhtha); Geineasas 1:26-31; 2:7-25.