SCÉAL 4
Cailleann Siad a mBaile
FÉACH ar an rud atá ag tárlú anois. Cén fáth ar cuireadh Ádhamh agus Éabha amach as gáirdín álainn Eden?
D’inis Dia dóibh go bhféadfaidís bia a ithe ó chrainnte an gháirdín. Ach dúirt Dia gan ithe ó chrann amháin nó go bhfaighfidís bás. Choinnigh sé an crann sin dó féin. Agus tá fhios againn go bhfuil sé mí-cheart rud a bhaineann le duine eile a thógáil, nach bhfuil fhios? Bhuel, céard a thárla?
Lá amháin nuair a bhí Éabha ina haonar sa ngáirdín dúirt nathrach léi toradh a ithe ón gcrann ar dhúirt Dia leo gan ithe uaidh. Anois, nuair a rinne Dia nathracha ní dhearna sé iad sa gcaoi is go bhféadfaidís labhairt. Mar sin chaithfeadh sé go raibh duine éicint eile ag cuir ar an nathrach labhairt. Cérbh é sin?
Níorbh é Ádhamh é. Mar sin chaithfeadh sé gur ceann de na pearsain a rinne Iehobhah sula ndearna sé an domhan a bhí ann. Bhí an t-aingeal amháim seo faighte an-mhórchúiseach. Thosaigh sé ag smaoineadh go mba chear dó bheith ina rialtóir cosúil le Dia. Agus theastaigh uaidh go mbeadh daoine umhal dó féin in áit a bheith umhal do Iehobhah. Eiseann an t-aingeal a chuir an nathrach ag caint.
Bhí an t-aingeal seo in ann Éabha a mheallah. Nuair a dúirt sé léi go mbeadh sí cosúil le Dia dá n-íosfadh sí an toradh, chreid sí é. Mar sin d’ith sí, agus d’ith Ádhamh freisin. Bhí Ádhamh agus Éabha easumhal do Dhia, agus sin é an fáth gur cháill siad an gáirdín álainn a bhí mar bhaile acu.
Ach lá éicint féachfaidh Dia chuige go ndéanfar an domhan chomh gleoite le gáirdín Eden. Níos deireanaí foghlaimeoimid an chaoi go bhféadfaidh tusa cabhrú chun é seo a dhéanamh. Ach anois, gheobhaimid amach céard a thárla d’Ádhamh agus Éabha.