SCÉAL 5
Tosaíonn Saol Crua
TAOBH amuigh de gháirdín Dend bhí ar Ádhamh agus Éabha oibriú go crua le go mbeadh bia acu. In ionad crainnte áilne torthaí d’fhás deilgní agus feochadáin thart orthu. Seo é an rud a thárla nuair a bhí Ádhamh agus Éabha easumhall do Dhia.
Cuimhnigh freisin gur chuir Dia fainic orthu go bhfaighfidís bás dá n-íosfaildís an toradh de chrann áirithe. Bhuel, an lá céanna ar ith siad thosaigh siad ag fáil bháis. Nach amaideach a bhí siad nár éist le Dia!
Rugadh na páistí a bhí ag Ádhamh agus Éabha tar éis do Dhia a muintir a chuir amach as gáirdín Eden. Ciallaíonn sé seo go gcaithfeadh na páistí fáil sean agus bás d’fháil freisin.
Sé an trua é nach raibh Ádhamh agus Éabha umhal do Dhia, bheadh saol sona acu féin agus ag a bpáistí. D’fhéadfaidís maireachtáil go deo faoi shonas ar an domhan. Ní bheadh gá d’éinne fáil sean ná tinn ná bás d’fháil.
Teastaíonn ó Dhia go mairfeadh daoine go deo faoi shonas, agus geallann sé go ndéanfaidh siad seo lá éicint. Ní hé amháin go mbéidh an domhan ar fad go hálainn ach béidh na daoine go léir folláin. Agus béidh gach duine ar an domhan ina chara maith ag gach duine eile agus ag Dia.
Ach ní raibh Éabha ina cara ag Dia níos mó. Mar sin nuair a rug sí páistí, ní raibh sé éasca uirthí. Bhí pian uirthí. Thug easumhalaíocht do Dhia go leor brón dí, nach n-anotófá?
Bhí go leor mic agus iníonacha ag Ádhamh agus Éabha. Nuair a rugadh a gcéad mhac, thug siad Cáin mar ainm air. Thug siad Abel mar ainm ar an dara mac. Céard a thárla dóibh siúd? An bhfuil fhios agat?