SCÉAL 2
Gáirdín Álainn
FÉACH ar an domhan anseo! Nach gleoite atá gach uile ní! Cé as ar tháinig an gáirdín álainn seo? Bhuel, breathnaíodh muid ar an gcaoi ar réitigh Dia an domhan dúinn.
Ar dtús rinne Dia féar glas chun an talamh a chlúdach. Agus rinne sé gach cineál mion-phlanda agus tor agus crann.
Cuidíonn na rudaí seo a fhásann leis an domhan a dhéanamh gleoite agus tugann go leor acu bia dúinn atá blasta.
Níos deireanaí rinne Dia iasc le snámh ins an uisce agus éanacha le heitilt ins an spéir. Rinne sé madraí agus cait agus caiple; ainmhithe móra agus ainmhithe beaga. Nár cheart go mbeadh áthas orainn go ndearna Dia na rudaí seo go léir dúinne?
Faoi dheireadh, rinne Dia áit an-speisialta de pháirt amháin den domhan. Gáirdín Eden a thug sé ar an áit seo. Bhí sé ar fheabhas. Bhí gach ar bhain leis go hálainn. Agus theastaigh ó Dhia go mbeadh an domhan iomlán cosúil leis an ngáirdín gleoite seo a bhí déanta aige.
Ach féach ar an bpictiúr den gháirdín seo arís. An bhfuil fhios agat céard a chonaic Dia a bhí in easnamh? Feicfimid.