Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • lfb ceacht 1 lth. 8
  • Chruthaigh Dia Neamh agus Talamh

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Chruthaigh Dia Neamh agus Talamh
  • Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Tá Dia ag Déanamh Rudaí
    Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
  • Gáirdín Álainn
    Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
lfb ceacht 1 lth. 8
Gairdín Éidin

CEACHT 1

Chruthaigh Dia Neamh agus Talamh

Is é Iehova Dia ár gcruthaitheoir. Chruthaigh sé gach ní—na rudaí a fheiceann muid, agus na rudaí nach bhfeiceann muid. Sular chruthaigh sé na rudaí a fheiceann muid chruthaigh sé go leor, leor aingil. An bhfuil a fhios agat céard é aingeal? Pearsa atá san aingeal a chruthaigh Iehova ina chosúlacht féin. Ní féidir linn na haingil a fheiceáil mar is spioraid iad, cosúil le Dia. Bhí an chéad aingeal a chruthaigh Iehova mar chúntóir aige. Chabhraigh an t-aingeal seo le hIehova na réaltaí, na pláinéid, agus gach ní eile a dhéanamh. Tá an domhan álainn seo, ar a bhfuil muid inár gcónaí, ar cheann de na pláinéid sin.

Ansin, chóirigh Iehova an domhan chun go mbeadh ainmhithe agus daoine in ann maireachtáil air. Chuir sé solas na gréine ag scaladh ar an domhan. Rinne sé cnoic, farraigí, agus aibhneacha.

Céard a tharla ansin? Dúirt Iehova: ‘Tá mé chun féar, plandaí agus crainn a chur ag fás.’ Ansin, d’fhás go leor cineálacha torthaí, glasraí agus bláthanna. Ina dhiaidh sin, rinne Iehova na hainmhithe go léir—ainmhithe atá in ann eitilt, snámh, agus siúl. Rinne sé ceanna beaga, ar nós coiníní, agus ceanna móra ar nós eilifintí. Cén t-ainmhí is fearr leatsa?

Ansin dúirt Iehova leis an gcéad aingeal: ‘Déanfaidh muid an duine.’ Bheadh difríocht mhór idir an duine agus an t-ainmhí. Bheadh an duine in ann rudaí nua a fhoghlaim agus a dhéanamh. Bheadh sé in ann labhairt, gáire, agus guí. Thabharfadh sé aire don talamh agus do na hainmhithe. An bhfuil a fhios agat cérbh é an chéad fhear? Gheobhaidh muid amach sa gcéad scéal eile.

“I dtús báire chruthaigh Dia neamh agus talamh.”—Geineasas 1:1

Ceisteanna: Cé hé Iehova Dia? Céard a chruthaigh sé?

Geineasas 1:1-26; Seanfhocail 8:30, 31; Irimia 10:12; Colosaigh 1:15-17

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn