SCÉAL 1
Tá Dia ag Déanamh Rudaí
TAGANN gach rud maith atá againn ó Dhia. Rinne sé an ghrian le solas a thabhairt dúinn sa lá, agus an ghealach agus na réalta chun go mbeadh roinnt solais againn san oíche. Agus rinne Dia an domhan chun go bhféadfadh muidne cónai air.
An bhfuil fhios agatsa céard é an chéad rud a rinne Dia? Ar dtús rinne Dia na haingle. Ní féidir linne na pearsain seo a fheiceáil, díreach mar nach féidir linn Dia a fheiceáil. Rinne Dia na haingle chun cónaí in éineacht leis ins na flaithis.
Bhí an chéad aingeal a rinne Dia an-speisialta. Ba é an chéad Mhac ag Dia é, agus d’oibrigh sé in éineacht lena Athair. Thug sé cúnamh do Dhia gach rud eile a dhéanamh. Thug sé cúnamh do Dhia an ghrian, an ghealach, na réalta agus an domhan seo a dhéanamh.
Cén chuma a bhí ar an domhan an uair sin? Ag an tús ní fhéadfadh éinne maireachtáil ar an domhan. Ní raibh ann ach farraige mhór amháin ag clúdú na talún. Ach theastaigh ó Dhia go ndéanfadh daoine cónaí ar an domhan.
Mar sin chuir Dia solas na gréine ag soilsiú ar an domhan. Shocraigh sé é chun go mbeadh lá agus oíche ann. Ina dhiaidh sin chuir Dia ar an talamh teacht aníos ós cionn uisce na farraige.
Ar dtús raibh tada ar an talamh. Bhí sé cosúil leis an bpictiúr a fheiceann tú anseo. Ní raibh aon iasc ins na farraigí fiú. Bhí go leor oibre breise le déanamh ag Dia chun go bhfaighfeadh ainmhithe agus daoine an domhan seo taithneamhach le cónaí air.