CUID 1
An Cruthú go dtí an Díle
Cé as ar tháinig na flaithis agus an talamh? Cé mar thárla an ghrian, an ghealach agus na réalta a bheith ann, chomh maith leis an méid rudaí atá ar an talamh? Tugann an Bíobla an freagra fíor nuair a deireann sé gur chruthaigh Dia iad. Mar sin tosaíonn ár leabhar le scéalta ón mBíobla a chuireann síos ar an gcruthú.
Foghlaimímid gur pearsain i bhfoirm spioraid, a bheag nó mhór cosúil leis féin, a bhí ins na chéad rudaí a chruthaigh Dia. Is aingle a bhí iontu. Ach cruthaíodh an talamh do dhaoine cosúil linne. Mar sin rinne Dia an fear agus an bhean darbh ainm Ádhamh agus Éabha agus chuir sé i ngáirdín álainn iad. Ach bhí siad easumhal do Dhia agus cháill siad an ceart a bhí acu leanacht orthu ag maireachtáil.
In iomlán, bhí 1,656 bliain ó chruthú Ádhaimh go dtí an Díle mór. Le linn an ama seo mhair go leor drochdhaoine. Ins na flaithis, bhí na spioraid dofheichthe, Sátan agus a dhrochaingle. Ar an talamh, bhí Cáin agus go leor drochdhaoine eile, ina measc fir a raibh neart as an gcoitiantacht acu. Ach bhí daoine maithe ar an talamh freisin—Abel, Enoc agus Naoi. I gCuid a hAON léifimid i dtaobh na ndaoine agus na heachtraí seo go léir.