Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • yc ceacht 14 leathanaigh 30-31
  • Ríocht a Rialóidh an Domhan go Léir

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Ríocht a Rialóidh an Domhan go Léir
  • Ag Foghlaim Le Chéile Ó Dhia
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Cén Cuspóir Atá ag Dia don Talamh?
    Céard Atá Dia a Iarraidh Orainne?
  • Céard í Ríocht Dé?
    Céard Go Díreach a Mhúineann An Bíobla?
  • Cén Cuspóir Atá ag Dia don Domhan?
    Dea-scéala Ó Dhia!
  • An Méid a Bhainfidh Ríocht Dé Amach
    Mair Go Sona Go Deo!—Cúrsa Idirghníomhach ar an mBíobla
Ag Foghlaim Le Chéile Ó Dhia
yc ceacht 14 leathanaigh 30-31
Íosa Chríost ag rialú mar Rí ar Pharthas ar talamh

CEACHT 14

Ríocht a Rialóidh an Domhan go Léir

Meas tú cén Ríocht atá i gceist againn?— Ríocht Dé, an Ríocht a dhéanfaidh parthas den talamh. Ar mhaith leat tuilleadh a fhoghlaim faoin Ríocht seo?—

Bíonn rí ar gach ríocht. Bíonn tiarnas ag an rí ar mhuintir a thíre féin. An bhfuil a fhios agat cé hé an Rí ar Ríocht Dé?— Íosa Críost. Cónaíonn sé ar neamh. Is gearr anois go mbeidh sé ina Rí ar gach duine ar an talamh. An mbeimid sona meas tú, nuair a bheidh Íosa ag rialú na talún go léir?—

Céard atá tusa ag tnúth leis i bParthas?

Beimid an-sona go deo! I bParthas ní bheidh daoine ag troid ná ag cur cogaidh ar a chéile níos mó. Beidh grá ag gach duine dá chéile. Ní bheidh aon duine ag fulaingt tinnis ná ag fáil bháis. Beidh radharc ag na daill, beidh éisteacht ag na bodhair, agus beidh na bacaigh in ann rith agus léim. Beidh neart le hithe ag gach duine. Beidh na hainmhithe cairdiúil lena chéile agus linne. Tiocfaidh daoine atá básaithe ar ais ó na mairbh. Tiocfaidh fir agus mná ar fhoghlaim tú fúthu sa bhróisiúr seo ar ais ó na mairbh, leithéidí Ribeacá, Rácháb, Dáiví, agus Éilias. Ar mhaith leat casadh leo nuair a thiocfaidh siad ar ais?—

Tá grá ag Iehova duit, agus tá sé ag iarraidh go mbeidh tú sona sásta. Má leanann tú ort ag foghlaim faoi Iehova agus ag umhlú dó, beidh tú in ann maireachtáil go deo i bparthas álainn! An é sin atá uait?—

LÉIGH I DO BHÍOBLA

  • Íseáia 2:4; 11:6-9; 25:8; 33:24; 35:5, 6

  • Eoin 5:28, 29; 17:3

CEISTEANNA:

  • Cé hé an Rí ar Ríocht Dé?

  • Cé orthu a mbeidh Íosa ina Rí?

  • Cén chaoi a mbeidh an saol nuair a bheidh Íosa ag rialú na talún?

  • Más mian leat maireachtáil go deo i bParthas, céard a chaithfidh tú a dhéanamh?

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn