Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • hf cuid 4 leathanaigh 12-14
  • An Chaoi le hAirgead a Bhainistiú

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Chaoi le hAirgead a Bhainistiú
  • Is Féidir Le Do Theaghlach a Bheith Sona Sásta
  • Fotheidil
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • 1 PLEANÁIL GO CÚRAMACH
  • 2 BÍ IONRAIC AGUS RÉALAÍOCH
  • An é an tAirgead Is Cúis Le Gach Olc?
    Ceisteanna a Fhreagraítear sa mBíobla
Is Féidir Le Do Theaghlach a Bheith Sona Sásta
hf cuid 4 leathanaigh 12-14
Pleanálann lánúin go cúramach lena a gcuid airgid a bhainistiú

CUID 4

An Chaoi le hAirgead a Bhainistiú

‘Meáigí bhur mbearta i gcomhairle le chéile.’—Seanfhocail 20:18

Teastaíonn airgead uainn go léir chun riar a gcáis a sholáthar dár dteaghlaigh. (Seanfhocail 30:8) I ndeireadh na dála, ní féidir déanamh d’uireasa airgid. (Cóheilit 7:12) Mar lánúin phósta, b’fhéidir go mbíonn sé deacair agaibh labhairt le chéile faoi airgead, ach ná ligigí d’airgead fadhbanna a chruthú in bhur bpósadh. (Eifisigh 4:32) Ba chóir do lánúin muinín a bheith acu as a chéile agus oibriú le chéile nuair atá siad ag déanamh cinneadh maidir leis an gcaoi a gcaithfear an t-airgead.

1 PLEANÁIL GO CÚRAMACH

AN MÉID ATÁ RÁITE SA BHÍOBLA: “Cé agaibh arb áil leis túr a thógáil, nach suífidh síos ar dtús agus an costas a mheas, féachaint an acmhainn dó é a chríochnú?” (Lúcás 14:28) Ní mór daoibh teacht ar shocrú le chéile maidir leis an gcaoi a n-úsáidfidh sibh bhur gcuid airgid. Déanaigí cinneadh maidir leis an rud atá ag teastáil uaibh agus an méid atá sibh in acmhainn a chaitheamh air. (Seanfhocail 31:16) Fiú má tá sibh in acmhainn rud éigin a cheannach, ní chiallaíonn sé sin gur cheart an t-airgead a chaitheamh air. Déanaigí bhur ndícheall fiacha a sheachaint. Ná caithigí ach an t-airgead atá agaibh.—Seanfhocail 21:5; 22:7.

AN RUD IS FÉIDIR LIBH A DHÉANAMH:

  • Má tá airgead le spáráil agaibh ag deireadh na míosa, leagaigí amach le chéile an rud atá sibh chun a dhéanamh leis

  • Má tá sibh gann in airgead breathnaígí go bhfeicfidh sibh an bhfuil aon áit gur féidir libh bhur gcostais a laghdú. Mar shampla, d’fhéadfadh sibh bhur mbéilí féin a réiteach in áit a bheith ag ithe i mbialanna

Lánúin ag déanamh macnaimh ar na costais mhóra

2 BÍ IONRAIC AGUS RÉALAÍOCH

AN MÉID ATÁ RÁITE SA BHÍOBLA: “Mar is é ár n-aidhm an rud ceart a dhéanamh ní amháin i bhfianaise an Tiarna ach i bhfianaise daoine chomh maith.” (2 Corantaigh 8:21) Bí ionraic le do chéile faoin méid a shaothraíonn tú agus a chaitheann tú.

Labhair le do chéile faoi airgead go rialta, ach go mór mór nuair atá cinntí móra airgeadais le déanamh. (Seanfhocail 13:10) Cothóidh sé seo síocháin in bhur bpósadh. Ná breathnaigh ar d’ioncam mar d’airgead pearsanta féin ach mar airgead an teaghlaigh.—1 Tiomóid 5:8.

Breathnaíonn lánúin ar liosta agus iad ag siopadóireacht le chéile

AN RUD IS FÉIDIR LIBH A DHÉANAMH:

  • Aontaígí ar an méid airgid is féidir le gach aon duine agaibh a chaitheamh gan dul i gcomhairle leis an duine eile

  • Ná fanaigí go dtí go mbeidh fadhb ann sula labhraíonn sibh faoi airgead

DO DHEARCADHSA AR AIRGEAD

Cé go bhfuil airgead an-tábhachtach, ná bíodh sé ina chnámh spairne eadraibh ná ina údar imní. (Matha 6:25-34) Ní theastaíonn go leor airgid uait chun taitneamh a bhaint as an saol. Deir an Bíobla “Seachnaígí gach sórt sainte.” (Lúcás 12:15, Tiomna Nua le Cosslett Ó Cuinn) Níl dada a d’fhéadfadh airgead a cheannach atá níos luachmhaire ná do phósadh. Mar sin, bí sásta lena bhfuil agat, agus ná déan faillí riamh ar an gcaidreamh atá agat le Dia. Má dhéanann tú é seo, beidh do theaghlach sona agus beidh Iehova sásta leat.—Eabhraigh 13:5.

CUIR CEIST ORT FÉIN . . .

  • Céard is féidir linn a dhéanamh mar theaghlach chun fiacha a sheachaint?

  • Cén uair dheireanach a phléigh mé féin agus mo chéile cúrsaí airgeadais go hionraic?

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn