Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • ijwbq mír 166
  • An é an tAirgead Is Cúis Le Gach Olc?

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An é an tAirgead Is Cúis Le Gach Olc?
  • Ceisteanna a Fhreagraítear sa mBíobla
  • Fotheidil
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Freagraíonn an Bíobla
  • Céard atá ráite sa mBíobla faoi airgead?
  • Cén fáth a dtugann an Bíobla foláireamh faoi ghrá don airgead?
  • Cén chaoi ar féidir linn tairbhe a bhaint as comhairle an Bhíobla maidir le hairgead?
  • An Chaoi le hAirgead a Bhainistiú
    Is Féidir Le Do Theaghlach a Bheith Sona Sásta
  • An Méid atá Ráite sa mBíobla Faoi Obair agus Airgead
    Mair Go Sona Go Deo!—Cúrsa Idirghníomhach ar an mBíobla
Ceisteanna a Fhreagraítear sa mBíobla
ijwbq mír 166
Fear ag breith greim ar shuim mhór airgid.

An é an tAirgead Is Cúis le Gach Olc?

Freagraíonn an Bíobla

Ní hé. Ní luann an Bíobla gur drochrud é an t-airgead ná gurb é is cúis le gach drochrud. Nath coitianta a úsáidtear minic is ea “airgead is bun leis an uile olc.” Is scrioptúr neamhchríochnaithe a chuirfeadh duine amú é seo mar níl sé cruinn. Deir an Bíobla, gur “dúil san airgead is bun do gach olc.”a—1 Tiomóid 6:10.

  • Céard atá ráite sa mBíobla faoi airgead?

  • Cén fáth a dtugann an Bíobla foláireamh faoi ghrá don airgead?

  • Cén chaoi ar féidir linn tairbhe a bhaint as comhairle an Bhíobla maidir le hairgead?

  • Véarsaí ón mBíobla faoi airgead

Céard atá ráite sa mBíobla faoi airgead?

Deir an Bíobla go bhféadfadh airgead a bheith ina ‘chosaint’ dúinn nuair a úsáidtear go ciallmhar é. (Cóheilit 7:12) Molann an Bíobla iad siúd a bhíonn flaithiúil le daoine eile, d’fhéadfadh bronntanais airgid a bheith i gceist leis seo.—Seanfhocail 11:25.

Ach, tugann an Bíobla foláireamh dúinn gan tús áite a thabhairt don airgead inár saol. Deir sé “ná bíodh andúil agaibh san airgead. Ach bígí sásta lena bhfuil agaibh.” (Eabhraigh 13:5) Is é an ceacht: úsáid do chuid airgead go stuama, agus ná bí sa tóir ar shaibhreas. Ba cheart dúinn a bheith sásta má tá riar ár gcáis againn, mar shampla bia, éadach, agus dídean.—1 Tiomóid 6:8.

Cén fáth a dtugann an Bíobla foláireamh faoi ghrá don airgead?

Ní bheidh an deis maireachtáil go deo acu siúd atá santach. (Eifisigh 5:5) Is í an chúis atá leis seo ná gur cineál íoladhradh nó adhradh bréagach í an tsaint. (Colosaigh 3:5) Nuair a bhíonn duine sa tóir ar mhian a chroí, is minic go dtréigeann sé dea-phrionsabail. Deir Seanfhocail 28:20: “an té a bheidh ag iarraidh éirí saibhir go tapa, ní rachaidh sé gan phionós.” D’fhéadfadh sé go gcuirfí cathú orthu coireanna a dhéanamh ar nós dúmhál, caimiléireacht, fuadach nó dúnmharú.

Fiú mura mbíonn drochiompar mar thoradh ar dhúil san airgead, is minic go mbíonn torthaí tubaisteacha dá bharr. Deir an Bíobla “iad sin a mbíonn dúil sa saibhreas acu titeann siad i gcathú agus gabhtar sa líon iad ag na hainmhianta iomadúla baotha díobhálacha úd.”—1 Tiomóid 6:9.

Cén chaoi ar féidir linn tairbhe a bhaint as comhairle an Bhíobla maidir le hairgead?

Má éiríonn linn gan ligean don airgead caighdeáin mhorálta agus spioradálta Dé a bhriseadh, beidh féinmheas againn mar aon le fabhar agus tacaíocht Dé. Geallann Dia dóibh siúd atá ag iarraidh é a shásamh: “ní thréigfidh mé thú go deo; ní fhágfaidh mé san abar thú choíche.” (Eabhraigh 13:5, 6) Geallann sé freisin go mbeidh “beannachtaí go líonmhar ar an bhfear ionraic.”—Seanfhocail 28:20.

Véarsaí ón mBíobla Faoi Airgead

Cóheilit 7:12: “Tá cosaint na heagna cosúil le cosaint an airgid.”

An bhrí: Nuair a úsáidtear airgead go ciallmhar, is féidir leis a bheith ina cosaint dúinn.

Lúcás 12:15: “Fiú amháin an té a mbíonn raidhse aige, ní thugann a chuid maoine aon áirithe ar a shaol dó.”

An bhrí: Ní hé an t-airgead an rud is tábhachtaí sa saol, agus ní chuirfidh sé lenár slánú.

1 Tiomóid 6:10: “Dúil san airgead is bun do gach olc, agus le barr dúile ann tá daoine áirithe imithe ar fán ón gcreideamh agus is iomaí arraing atá curtha trína gcroí féin acu.”

An bhrí: Ní drochrud é an t-airgead. Ach daoine a bhfuil grá acu d’airgead—a thugann tús áite dó ina saol—cruthaíonn siad fadhbanna dóibh féin, ar nós teaghlaigh atá briste suas agus drochshláinte de bharr ualach trom oibre.

Eabhraigh 13:5: “Ná bíodh andúil agaibh san airgead. Ach bígí sásta lena bhfuil agaibh.”

An bhrí: In ionad a bheith sa tóir ar shaibhreas agus gach a dtagann leis, téann sé chun tairbhe dúinn a bheith sásta lenár riachtanais.

Matha 19:24: “Agus táim á rá libh arís: is fusa do chamall dul trí chró snáthaide ná do dhuine saibhir dul isteach i ríocht Dé.”

An bhrí: Bhí Íosa tar éis cuireadh a thabhairt don fhear saibhir é a leanúint. Ach dhiúltaigh an fear dó mar bhí an iomarca dúil aige ina chuid maoine. Mar sin bhí Íosa ag tabhairt foláireamh. Tá duine a chuireann saibhreas roimh Dhia i gcontúirt an bheatha shíoraí a chailleadh.

a Deir leagan eile den véarsa seo: “Mar is é grá an airgid fréamh gach cineál rudaí díobhálacha.”

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn