Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • bhs caibidil 12 leathanaigh 124-134
  • Cén Chaoi Ar Féidir Leat a Bheith i Do Chara Ag Dia?

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Cén Chaoi Ar Féidir Leat a Bheith i Do Chara Ag Dia?
  • Céard Go Díreach a Mhúineann An Bíobla?
  • Fotheidil
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • COSNAÍONN IEHOVA A CHAIRDE
  • LÍOMHAINTÍ SHÁTAIN
  • IONSAÍONN SÁTAN IÓB
  • LÍOMHAINTÍ SHÁTAIN I DO LEITHSA
  • BÍ UMHAL D’IEHOVA
  • BÍODH GRÁ AGAT DON MHAITH
  • Cérbh É Iób?
    Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • Coinníonn Iób a Ionracas
    An Bíobla—Cén Teachtaireacht atá Ann?
  • Tá Iób Dílis do Dhia
    Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
Céard Go Díreach a Mhúineann An Bíobla?
bhs caibidil 12 leathanaigh 124-134

CAIBIDIL A DÓ DHÉAG

Cén Chaoi Ar Féidir Leat A Bheith I Do Chara Ag Dia?

1, 2. Cérbh iad cuid de chairde Iehova?

CÉN sórt duine a thaitneodh leat mar chara? Duine a mbaineann tú ceart de agus a bhaineann ceart díot. Duine atá cineálta agus a bhfuil an-mheas agat air.

2 Roghnaíonn Dia daoine le bheith mar chairde aige. Bhí Abrahám mar chara ag Iehova. (Íseáia 41:8; Séamas 2:23) Bhí Dáiví mar chara freisin aige. Dúirt Iehova faoi Dháiví: “Fear de réir mo chroí féin é.” (Gníomhartha 13:22) Agus bhí “mórghrá” ag Iehova do Dhainéil.—Dainéil 10:11.

3. Cén chaoi ar tharla sé go raibh Abrahám, Dáiví, agus Dainéil ina gcairde ag Iehova?

3 Cén chaoi ar tharla sé go raibh Abrahám, Dáiví, agus Dainéil mar chairde ag Iehova? Dúirt Iehova le hAbrahám: “Ghéill tú do mo ghlór.” (Geineasas 22:18) Bíonn Iehova mar chara acu siúd a bhíonn umhal dó. Is féidir le náisiún iomlán a bheith mar chairde aige fiú. Dúirt Iehova le náisiún Iosrael: “Éistigí le mo ghlór, agus beidh mise i mo Dhia agaibhse, agus beidh sibhse in bhur bpobal agamsa.” (Irimia 7:23) Mar sin ní mór duitse freisin a bheith umhal d’Iehova más leat a bheith mar chara aige.

COSNAÍONN IEHOVA A CHAIRDE

4, 5. Cén chaoi a gcosnaíonn Iehova a chairde?

4 Tá Iehova ag cuardach bealaí “lena chumhacht a chur i bhfeidhm ar mhaithe leo siúd a bhfuil a gcroí gan cháim ina leith.” (2 Croinicí 16:9) Geallann Iehova dá chairde i Salm 32:8: “Tabharfaidh mé teagasc agus múinfidh mé an tslí is triallta duit. Tabharfaidh mé comhairle agus eolas duit; coimeádfaidh mé súil ort.”

5 Tá namhaid cumhachtach ann atá ag iarraidh dul idir muid féin agus Iehova. Ach tá Iehova ag iarraidh muid a chosaint. (Léigh Salm 55:23 [55:22 i mBíoblaí eile].) Mar gur cairde le hIehova muid tugann muid seirbhís ó chroí dó. Bíonn muid umhal dó fiú nuair a thagann anró an tsaoil sa mullach orainn. Tá an mhuinín chéanna againne is a bhí ag Dáiví, a dúirt faoi Iehova: “Agus é ar mo dheasláimh ní chorrófar mé choíche.” (Salm 16:8; 63:9 [63:8 i mBíoblaí eile]) Cé na hiarrachtaí a dhéanann Sátan chun bac a chur orainn a bheith mar chairde ag Iehova?

LÍOMHAINTÍ SHÁTAIN

6. Céard a chuir Sátan i leith an duine?

6 D’fhoghlaim muid i gCaibidil 11 gur thug Sátan dúshlán Iehova. Dúirt Sátan gur chaith Dia go héagórach le hÁdhamh agus Éabha nuair nár cheadaigh Sé dóibh a rogha féin a dhéanamh maidir le céard a bhí ceart agus céard a bhí mícheart. Feiceann muid freisin ó leabhar Iób go gcuireann Sátan líomhaintí i leith daoine atá ag iarraidh a bheith ina gcairde ag Dia. Maíonn Sátan nach le grá do Dhia a thugann daoine seirbhís Dó, ach gur ar mhaithe leo féin a bhíonn siad. Tá Sátan ag maíomh freisin gur féidir leis a rogha duine a chur in aghaidh Dé. Feicfidh muid anois céard is féidir linn a fhoghlaim ó Iób.

7, 8. (a) Cén chaoi ar mhothaigh Iehova faoi Iób? (b) Céard a dúirt Sátan faoi Iób?

7 Cérbh é Iób? Fear maith a bhí ann a mhair timpeall is 3,600 bliain ó shin. Dúirt Iehova nach raibh a leithéid ar an talamh ag an am sin. Bhí an-mheas ag Iób ar Dhia, agus bhí an ghráin aige ar an olc. (Iób 1:8) Go deimhin, bhí Iób ina dhlúthchara ag Iehova.

8 Mhaígh Sátan gur ar mhaithe leis féin a thug Iób seirbhís d’Iehova. Dúirt Sátan le hIehova: “Nach ndearna tú féin fál ina thimpeall agus i dtimpeall a thí agus i dtimpeall a bhfuil aige ar gach taobh? Bheannaigh tú saothar a lámh agus mhéadaigh a mhaoin sa tír. Sín amach do lámh, más ea, agus leag í ar a bhfuil aige, agus is deimhin go ndéanfaidh sé thú a mhaslú le do bhéal.”—Iób 1:10, 11.

9. Céard a thug Iehova cead do Shátan a dhéanamh?

9 Chuir Sátan i leith Iób nach mbeadh sé dílis d’Iehova murach na beannachtaí a bhí Sé ag bronnadh air. Dúirt Sátan freisin go mbeadh sé in ann Iób a iompú in aghaidh Iehova. Cé nár aontaigh Iehova le Sátan, thug Sé cead dó Iób a thástáil. Ar an mbealach sin bheadh sé soiléir an raibh grá ag Iób d’Iehova nó nach raibh.

IONSAÍONN SÁTAN IÓB

10. Cén chaoi ar ionsaí Sátan Iób, agus céard a rinne Iób?

10 Ar dtús, ghoid nó scrios Sátan ainmhithe Iób go léir. Ansin mharaigh sé an chuid is mó dá chuid searbhóntaí. Ar deireadh, mharaigh Sátan a dheichniúr clainne i stoirm. Ach d’fhan Iób umhal d’Iehova. “Sna nithe sin uile níor pheacaigh Iób ná níor labhair go tarcaisneach in aghaidh Dé.”—Iób 1:12-19, 22.

Iób ina chónaí go sona sásta lena bhean chéile agus a dheichniúr clainne

Chúitigh Iehova a dhílseacht le hIób

11. (a) Céard eile a rinne Sátan ar Iób? (b) Céard a rinne Iób?

11 Níor thug Sátan suas a chás. Thug sé dúshlán Dé ag rá: “Bain lena chnámh agus lena fheoil, agus caithfidh sé mallacht san aghaidh ort, caithfidh sin.” Mar sin bhuail Sátan Iób le galar pianmhar. (Iób 2:5, 7) Ach, d’fhan Iób umhal d’Iehova. Dúirt sé: “Go lá mo bháis ní shéanfaidh mé m’ionracas.”—Iób 27:5.

12. Cén chaoi ar chruthaigh Iób gur bréagadóir é Sátan?

12 Ní raibh a fhios ag Iób dada faoi líomhaintí Shátain ná faoin gcúis a raibh sé ag fulaingt. Cheap sé gurbh é Iehova a bhí ag tarraingt trioblóide air. (Iób 6:4; 16:11-14) Ach mar sin féin, d’fhan Iób dílis d’Iehova. Rud a chruthaigh nach ar mhaithe leis féin a bhí sé, ach go raibh grá aige do Dhia. Ba bhréaga ar fad iad líomhaintí Shátain!

13. Cén toradh a bhí ar dhílseacht Iób?

13 Cé nach raibh a fhios ag Iób céard a bhí ag tarlú sna flaithis, bhí sé umhal d’Iehova agus chruthaigh sé gur bréagadóir mailíseach a bhí i Sátan. Thug Iehova luach saothair d’Iób as ucht a dhílseacht.—Iób 42:12-17.

LÍOMHAINTÍ SHÁTAIN I DO LEITHSA

14, 15. Céard a chuireann Sátan i leith gach aon duine againn?

14 Is féidir leat go leor a fhoghlaim ón méid a tharla d’Iób. Tá Sátan fós ag cur inár leith gur ar mhaithe linn féin a bhíonn muid dílis do Dhia. Dúirt Sátan in Iób 2:4: “Tabharfaidh duine uaidh a bhfuil aige ar son a anama.” Mar sin ní hé dílseacht Iób amháin atá i gceist, ach dílseacht gach duine againne. Bhí Sátan fós ag maslú Iehova agus a chuid searbhóntaí na céadta bliain tar éis d’Iób bás a fháil. Mar shampla, tá sé ráite i Seanfhocail 27:11: “Bíodh ciall agat, a mhic, agus cuir lúcháir ar mo chroí, le go mbeadh freagra agam ar fhear mo mhaslaithe.”

15 Is féidir leatsa a bheith umhal d’Iehova agus a bheith i do chara dílis aige, rud a chruthóidh gur bréagadóir é Sátan. Fiú má chaitheann tú athruithe móra a dhéanamh i do shaol le bheith i do chara ag Dia, is é an cinneadh is fearr é a d’fhéadfá a dhéanamh! Is cinneadh é seo atá thar a bheith tábhachtach. Tá Sátan ag maíomh nach mbeidh tusa umhal do Dhia nuair a bheidh fadhbanna agat. Bíonn sé ag iarraidh an dallamullóg a chur orainn agus muid a iompú in aghaidh Dé. Cén chaoi?

16. (a) Cé na bealaí a úsáideann Sátan chun ár ndílseacht d’Iehova a chur i mbaol? (b) Cén chaoi a bhféadfadh an Diabhal do dhílseachtsa d’Iehova a chur i mbaol?

16 Úsáideann Sátan bealaí éagsúla chun bac a chuir orainn cairdeas a dhéanamh le hIehova. Bíonn sé ár n-ionsaí “mar a bheadh leon ag búiríl ar thóir dhuine éigin le slogadh.” (1 Peadar 5:8) Ná cuirfeadh sé iontas ar bith ort má bhíonn do chairde nó do mhuintir ag iarraidh thú a stopadh ó bheith ag déanamh staidéir ar an mBíobla agus ó bheith ag déanamh an chirt. B’fhéidir go mothófá go bhfuil tú faoi ionsaí.a (Eoin 15:19, 20) Tá Sátan in ann “riocht an aingil ghil” a chur ar féin. Mar sin d’fhéadfadh sé an dallamullóg a chur orainn. (2 Corantaigh 11:14) Mar shampla, bíonn Sátan ag iarraidh a chur ina luí orainn nach bhfuil muid sách maith i súile Dé, is cuma céard a dhéanann muid.—Seanfhocail 24:10.

BÍ UMHAL D’IEHOVA

17. Cén fáth a mbíonn muid umhal d’Iehova?

17 Cruthaíonn muid gur bréagadóir é Sátan, nuair a bhíonn muid umhal d’Iehova. Céard a chabhróidh linn a bheith umhal? Deir an Bíobla: “Gráigh an Tiarna do Dhia ó do chroí go hiomlán, ó d’anam go hiomlán, agus ó do neart go hiomlán.” (Deotranaimí 6:5) Is de bharr an ghrá atá againn d’Iehova a bhíonn muid umhal dó. De réir mar a mhéadaíonn ár ngrá d’Iehova, sea is mó a bheidh muid ag iarraidh a aitheanta a chomhlíonadh. Scríobh an t-aspal Eoin: “Mar gurb é seo grá Dé, comhlíonadh a aitheanta; agus ní tromualach a aitheanta.”—1 Eoin 5:3.

18, 19. (a) Céard iad cuid de na rudaí a deir Iehova atá mícheart? (b) Cén chaoi a bhfuil a fhios againn nach n-iarrann Iehova aon rud orainn nach bhfuil muid in ann a dhéanamh?

18 Céard iad cuid de na rudaí atá mícheart de réir dlí Iehova? Tá cúpla sampla sa mbosca “Rudaí a Bhfuil Fuath Ag Iehova Dóibh.” B’fhéidir go gceapfá ar dtús nach bhfuil cuid de na rudaí seo chomh dona sin. Ach nuair a léifidh tú na véarsaí sa mBíobla agus machnamh a dhéanamh orthu, tuigfidh tú gur ar mhaithe linn atá dlíthe Iehova. B’fhéidir go dtabharfá faoi deara go bhfuil athruithe le déanamh agat. Cé go mb’fhéidir go mbeadh na hathruithe seo deacair, is mór an suaimhneas intinne é a bheith i do chara ag Dia. (Íseáia 48:17, 18) Cén chaoi a bhfuil a fhios againn gur féidir na hathruithe seo a dhéanamh?

19 Ní iarann Iehova aon rud orainn nach bhfuil muid in ann a dhéanamh. (Deotranaimí 30:11-14) Tá aithne níos fearr aige orainn ná mar atá againn orainn féin. (Salm 103:14) Spreagann an t-aspal Pól mar seo muid i 1 Corantaigh 10:13: “Mar tá Dia dílis agus ní ligfidh sé bhur dtástáil thar bhur n-achmhainn agus nuair a thiocfaidh an triail cuirfidh sé an bealach ar fáil chomh maith i dtreo go mbeidh ar bhur gcumas teacht uaithi slán.” Is féidir linn muinín a bheith againn go neartóidh Iehova muid ionas go mbeidh muid in ann an rud ceart a dhéanamh. Tabharfaidh sé duit “an chumhacht as cuimse” chun déileáil le hanró an tsaoil. (2 Corantaigh 4:7) Tar éis cúnamh a fháil ó Iehova agus é faoi thriail, bhí Pól in ann a rá: “Táim in ann gach ní a dhéanamh le cabhair an té úd a thugann neart dom.”—Filipigh 4:13.

BÍODH GRÁ AGAT DON MHAITH

20. Cé na tréithe nach mór duit aithris a dhéanamh orthu, agus cén fáth?

20 Más linn a bheith mar chara ag Iehova, caithfidh muid fanacht glan ar aon ní atá mícheart ina shúile, agus cloí leis an maith. (Léigh Salm 15:1-5; Rómhánaigh 12:9.) Déanann cairde Dé aithris ar a thréithe agus taispeánann siad: “grá, lúcháir, síocháin, foighne, cineáltas, dea-chroí, dílseacht, láchas agus measarthacht.”—Galataigh 5:22, 23.

21. Cén chaoi ar féidir leat dea-thréithe Dé a chothú?

21 Cén chaoi ar féidir leat na dea-thréithe sin a chothú? Ní mór duit a fháil amach céard atá ceart i súile Iehova trí staidéar a dhéanamh ar an mBíobla agus é a léamh go rialta. (Íseáia 30:20, 21) De réir mar a dhéanann tú é seo, neartóidh do ghrá d’Iehova, agus beidh fonn ort a bheith umhal dó.

22. Cén toradh a bheidh air má bhíonn tú umhal d’Iehova?

22 Tá na hathruithe a bheidh le déanamh agat ar nós mar a bheifeá ag baint díot seanéadaí agus ag cur ort éadaí nua. Deir an Bíobla nach mór duit an ‘sean-nádúr a bhaint díot’ agus an ‘nádúr nua a chur ort.’ (Colosaigh 3:9, 10) Cé nach mbíonn sé éasca, geallann Iehova go mbeidh “luach saothair” againn dá bharr. (Seanfhocail 22:4) Sea, bí umhal d’Iehova agus cruthaigh gur bréagadóir é Sátan. Bíodh do dhílseacht d’Iehova bunaithe ar do ghrá dó, agus ní ar aon luach saothair a bheidh le fáil agat amach anseo. Ansin beidh tú i do dhlúthchara ag Dia!

a Ní hé sin le rá go bhfuil Sátan ag cur focal i mbéal na ndaoine atá ag iarraidh thú a stopadh ó bheith ag staidéar an Bhíobla. Ach is é Sátan “dia an tsaoil seo” agus tá “an saol le chéile faoi thionchar an diabhail.” Mar sin ní aon iontas é go ndéanann daoine iarracht muid a stopadh ó bheith ag cur aithne ar Iehova.—2 Corantaigh 4:4; 1 Eoin 5:19.

RUDAÍ A BHFUIL FUATH AG IEHOVA DÓIBH

  • Dúnmharú

    Eaxodus 20:13; 21:22, 23

  • Mímhoráltacht Gnéis

    Léivític 20:10, 13, 15, 16; Rómhánaigh 1:24, 26, 27, 32; 1 Corantaigh 6:9, 10

  • Deamhnacht

    Deotranaimí 18:9-13; 1 Corantaigh 10:21, 22; Galataigh 5:20, 21

  • Íoladhradh

    1 Corantaigh 10:14

  • Meisce

    1 Corantaigh 5:11

  • Goid

    Léivític 6:2, 4; Eifisigh 4:28

  • Bréaga

    Seanfhocail 6:16, 19; Colosaigh 3:9; Apacailipsis 22:15

  • Saint

    1 Corantaigh 5:11

  • Foréigean

    Salm 11:5; Seanfhocail 22:24, 25; Malaicí 2:16; Galataigh 5:20, 21

  • Drochbhéal agus Cúlchaint

    Léivític 19:16; Eifisigh 5:4; Colosaigh 3:8

  • Mí-úsáid Fola

    Geineasas 9:4; Gníomhartha 15:20, 28, 29

  • Ag déanamh faillí i gcúram an teaghlaigh

    1 Tiomóid 5:8

  • Cogadh agus polaitíocht

    Íseáia 2:4; Eoin 6:15; 17:16

  • Caitheamh tobac agus mí-úsáid drugaí

    Marcas 15:23; 2 Corantaigh 7:1

ACHOIMRE

FÍRINNE 1: BÍONN CAIRDE IEHOVA UMHAL DÓ

“Éistigí le mo ghlór, agus beidh mise i mo Dhia agaibhse, agus beidh sibhse in bhur bpobal agamsa.”—Irimia 7:23

An féidir a bheith i do chara ag Dia?

  • Geineasas 22:18; Séamas 2:23

    Chuir Abrahám a mhuinín in Iehova, agus tugadh cara Dé air.

  • 2 Croinicí 16:9

    Cabhróidh Iehova leo siúd a bhíonn umhal.

  • Salm 25:14; 32:8

    Tugann Iehova tuiscint dá chairde.

  • Salm 55:23 (55:22 i mBíoblaí eile)

    Beidh Iehova ina chrann taca ag a chairde.

FÍRINNE 2: BHÍ IÓB INA CHARA DÍLIS AG IEHOVA

“Sna nithe sin uile níor pheacaigh Iób ná níor labhair go tarcaisneach in aghaidh Dé.”—Iób 1:22

Cén chaoi ar ionsaigh Sátan Iób, agus cén chaoi ar sheas Iób an fód?

  • Iób 1:10, 11

    Bhí Sátan ag maíomh gur ar mhaithe leis féin a bhí Iób agus nach raibh grá ar bith aige d’Iehova.

  • Iób 1:12-19; 2:7

    Thug Iehova cead do Shátan gach a raibh ag Iób a bhaint dó. Bhuail Sátan Iób le tinneas uafásach.

  • Iób 27:5

    Ní raibh a fhios ag Iób cén fáth a raibh sé ag fulaingt an oiread sin, ach d’fhan sé dílis d’Iehova.

FÍRINNE 3: TÁ SÁTAN AG IARRAIDH THÚ A IOMPÚ IN AGHAIDH IEHOVA

“Tabharfaidh duine uaidh a bhfuil aige ar son a anama.”—Iób 2:4

Cé na hiarrachtaí a dhéanann Sátan deireadh a chur lenár gcaidreamh le hIehova?

  • 2 Corantaigh 11:14

    Bíonn Sátan ag iarraidh an dallamullóg a chur orainn.

  • Seanfhocail 24:10

    Bíonn sé ag iarraidh a chur ina luí orainn nach bhfuil muid sách maith i súile Iehova.

  • 1 Peadar 5:8

    Déanann Sátan géarleanúint orainn.

  • Seanfhocail 27:11

    Bí umhal d’Iehova agus bí mar chara aige. Cruthóidh sé seo gur bréagadóir é Sátan.

FÍRINNE 4: TÁ MUID UMHAL D’IEHOVA MAR TÁ GRÁ AGAINN DÓ

“Mar gurb é seo grá Dé, comhlíonadh a aitheanta; agus ní tromualach a aitheanta.”—1 Eoin 5:3

Cén chaoi ar féidir leat a bheith i do chara ag Iehova?

  • Deotranaimí 6:5

    Cuir do ghrá do Dhia in iúl. Cabhróidh sé seo leat a bheith umhal.

  • Íseáia 48:17, 18

    Bí umhal d’Iehova agus rachaidh sé chun tairbhe duit.

  • Deotranaimí 30:11-14

    Bí cinnte nach n-iarrfaidh Iehova aon rud ort nach bhfuil tú in ann a dhéanamh.

  • Filipigh 4:13

    Bí ag déanamh an chirt, agus neartóidh Iehova thú.

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn