CAIBIDIL A TRÍ DÉAG
Ómós Do Bhronntanas Na Beatha
1. Cé a thug an bheatha dúinn?
IS É IEHOVA an “Dia beo.” (Iósua 3:10) Is é ár gcruthaitheoir é, agus is é a thug beatha dúinn. Deir an Bíobla: “Is tú a chruthaigh an uile ní agus is trí do thoil a tháinig siad ann agus a cruthaíodh iad.” (Apacailipsis 4: 11) Dá réir sin, is bronntanas ó Iehova í an bheatha.—Léigh Salm 36:10 (36:9 i mBíoblaí eile).
2. Cén chaoi ar féidir linn saol rathúil a bheith againn?
2 Cuireann Iehova ar fáil gach a theastaíonn uainn chun muid a choinneáil beo. (Gníomhartha 17:28) Is é mian Iehova go mbainfeadh muid taitneamh as an saol. (Gníomhartha 14:15-17) Ní mór dúinn a bheith umhal do dhlíthe Dé chun go n-éireoidh go maith linn sa saol.—Íseáia 48:17, 18.
DEARCADH DÉ AR AN mBEATHA
3. Céard a rinne Iehova nuair a mharaigh Cáin Áibil?
3 Taispeánann an Bíobla go bhfuil beatha an duine luachmhar i súile Iehova. Mar shampla, nuair a bhí Cáin—mac Ádhaimh agus Éabha—feargach lena dheartháir Áibil, chuir Iehova fainic ar Cháin nár mhór dó srian a choinneáil ar a chuid feirge. Ach níor éist Cáin leis, agus fuair sé chomh feargach sin gur ionsaigh sé “Áibil a dheartháir agus mharaigh sé é.” (Geineasas 4:3-8) Ghearr Iehova pionós ar Cháin faoi gur mharaigh sé Áibil. (Geineasas 4:9-11) Mar sin, tá contúirt ag baint le fearg agus fuath. Is minic gurb é an foréigean agus an chruálacht a bhíonn mar thoradh orthu. Ní féidir le duine a bhfuil tréithe mar sin aige an bheatha shíoraí a bhaint amach. (Léigh 1 Eoin 3:15.) Caithfidh muid foghlaim le grá a bheith againn do gach duine, más linn Iehova a shásamh.—1 Eoin 3:11, 12.
4. Céard atá le foghlaim faoi bheatha an duine ó cheann de dhlíthe Dé?
4 Na mílte bliain ina dhiaidh sin, thaispeáin Iehova luach na beatha nuair a thug sé na Deich nAitheanta do Mhaois. Ceann de na dlíthe sin is ea: “Ná déan marú.” (Deotranaimí 5:17) Dá mbrisfeadh duine an dlí sin agus duine eile a mharú in aon turas, chuirfí an duine sin chun báis.
5. Céard é dearcadh Dé ar an nginmhilleadh?
5 Céard a cheapann Dia faoin nginmhilleadh? Tá beatha an linbh sa mbroinn an-luachmhar i súile Dé chomh maith. De réir an Dlí a thug Iehova do na hIosraeilítigh, dá ngortódh duine bean thorrach agus dá gcaillfí an leanbh dá bharr, chuirfí an duine sin chun báis. (Léigh Eaxodus 21:22, 23; Salm 127:3.) Léiríonn sé seo go bhfuil an ginmhilleadh mícheart.—Féach Aguisín 28.
6, 7. Cén chaoi a dtugann muid le fios d’Iehova go bhfuil ómós againn don bheatha?
6 Cén chaoi a dtugann muid le fios go bhfuil ómós againn do bheatha an duine? Ní dhéanann muid aon rud a chuirfeadh ár mbeatha féin ná beatha daoine eile i mbaol. Mar sin, ní chaitheann muid tobac agus ní bhíonn muid ag baint mí-úsáid as drugaí, mar go ndéanann siad dochar dúinn agus go gcuireann siad ár mbeatha i mbaol.
7 Is é Dia a bhronn ár mbeatha agus ár gcolainn orainn, agus ba cheart dúinn iad a úsáid mar is toil leisean. Mar sin, ní mór dúinn aire mhaith a thabhairt dúinn féin. Mura dtabharfaidh, ní beidh muid glan i súile Dé. (Rómhánaigh 6:19; 12:1; 2 Corantaigh 7:1) Ní féidir linn a bheith ag adhradh Dé, mura bhfuil ómós againn don bheatha a thug sé dúinn. B’fhéidir go mbeadh sé deacair drochnósanna a bhriseadh, ach beannóidh Iehova ár n-iarrachtaí.
8. Céard is féidir linn a dhéanamh chun a chinntiú nach gcuireann muid ár mbeatha féin ná beatha duine éigin eile i mbaol?
8 D’fhoghlaim muid gur bronntanas an-luachmhar í an bheatha. Tá Iehova muiníneach go ndéanfaidh muid ár ndícheall gan ár mbeatha féin ná beatha aon duine eile a chur i mbaol. Cuireann an chaoi a dtiomáineann muid ár gcarr, nó feithicil eile, ár n-ómós don bheatha in iúl. Fanann muid glan ar chaitheamh aimsire atá contúirteach nó foréigneach. (Salm 11:5) Déanann muid ár ndícheall freisin treoirlínte maidir le sláinte agus sábháilteacht a leanúint inár n-áit chónaithe. D’ordaigh Iehova do na hIosraeilítigh: “Nuair a thógann tú teach nua, cuir uchtbharr [nó, balla íseal] ar an díon agus ansin beidh do theach saor ó fhíoch fola de bharr duine a thitim de.”—Deotranaimí 22:8.
9. Cén chaoi ar chóir dúinn caitheamh le hainmhithe?
9 Tá Iehova ag iarraidh orainn aire a thabhairt d’ainmhithe freisin. Tugann sé cead dúinn ainmhithe a mharú le haghaidh bia, chun éadaí a dhéanamh, nó chun muid féin a chosaint má chuireann siad ár mbeatha i mbaol. (Geineasas 3:21; 9:3; Eaxodus 21:28) Ach níl cead againn a bheith cruálach le hainmhithe ná a bheith á marú mar chaitheamh aimsire.—Seanfhocail 12:10.
URRAIM DO NAOFACHT NA BEATHA
10. Cén chaoi a bhfuil a fhios againn go seasann an fhuil don bheatha?
10 Tá fuil thar a bheith naofa i súile Iehova mar seasann sí don bheatha. Tar éis do Cháin Áibil a dhúnmharú, dúirt Iehova le Cáin: “Tá guth fhuil do dhearthár ag glaoch orm as an talamh.” (Geineasas 4:10) Sheas fuil Áibil dá bheatha, agus ghearr Iehova pionós ar Cháin tar éis dó Áibil a mharú. Tar éis na Díleann in aimsir Naoi, chuir Iehova in iúl arís gur sheas an fhuil don bheatha. Thug Iehova cead do Naoi agus a chlann feoil ainmhithe a ithe. Dúirt sé: “Gach dúil bheo ina bhfuil lúth, bídís agaibh mar bhia, chomh maith leis na luibheanna glasa. Tugaim gach ní daoibh.” Bhí rud amháin, áfach, nár thug Iehova cead dóibh a ithe: “Ná hithigí feoil ina bhfuil an t-anam, sé sin an fhuil.”—Geineasas 1:29; 9:3, 4.
11. Cén t-ordú a thug Iehova i dtaobh na fola?
11 Timpeall is 800 bliain tar éis d’Iehova a rá le Naoi gan fuil a ithe, d’ordaigh sé: “Aon duine de theaghlach Iosrael, nó aon deoraí ag cur faoi in bhur measc, a bheireann sa tseilg ar éan nó ar ainmhí is ceadmhach a ithe, déanadh sé a fhuil a dhoirteadh agus a chlúdach le cré.” Ansin dúirt sé: “Ná caithigí [nó, ná hithigí] fuil.” (Léivític 17:13, 14) Bhí Iehova fós ag iarraidh go mbeadh a fhios ag a shearbhóntaí go raibh an fhuil naofa. Bhí cead acu feoil a ithe, ach ní raibh cead acu fuil a ithe. Nuair a mharaigh siad ainmhí le hithe, bhí orthu a chuid fola a dhoirteadh amach ar an talamh.
12. Cén dearcadh atá ag Críostaithe ar fhuil?
12 Blianta tar éis bhás Íosa, chruinnigh na haspail agus na seanóirí a bhí in Iarúsailéim le chéile chun cinneadh a dhéanamh cé na codanna de Dhlí Mhaois a bhí fós i bhfeidhm ar Chríostaithe. (Léigh Gníomhartha 15:28, 29; 21:25.) Thug Iehova le tuiscint dóibh go gcaithfidís an t-ómós céanna a bheith acu d’fhuil is a bhí acu nuair a bhíodar faoi Dhlí Mhaois. Ní raibh cead ag na chéad Chríostaithe fuil a ithe ná a ól, ná feoil a ithe nach raibh a cuid fola tarraingthe. Dá mbeidís easumhal don ordú sin, bheadh sé sin chomh tromchúiseach le híoladhradh agus mímhoráltacht. Ón am sin i leith, ní itheann agus ní ólann fíorChríostaithe fuil. Céard faoin lá atá inniu ann? Tá Iehova fós ag iarraidh go mbeadh urraim againn do naofacht na fola.
13. Cén fáth nach dtógann Críostaithe fuilaistriú?
13 An gciallaíonn sé seo gur chóir do Chríostaithe diúltú d’fhuilaistriú freisin? Ciallaíonn. D’ordaigh Iehova dúinn gan fuil a ithe ná a ól. Dá ndéarfadh dochtúir leat gan alcól a ól, an dtógfá isteach trí do chuid féitheacha é? Ní thógfá! Ar an gcaoi chéanna ciallaíonn an t-ordú gan fuil a ithe ná a ól nach nglacfadh muid fuilaistriú ach an oiread.—Féach Aguisín 29.
14, 15. Cé chomh tábhachtach is atá sé do Chríostaithe urraim a bheith acu don bheatha?
14 Cén chaoi a mbeadh sé dá ndéarfadh dochtúir linn go bhfaighidh muid bás gan fuilaistriú? Is faoi an duine féin atá sé cinneadh a dhéanamh an ndéanfaidh sé de réir dlí Dé maidir le fuil, nó nach ndéanfaidh. Tá ardmheas ag Críostaithe ar an mbeatha agus glacfaidh muid aon chóir leighis nach n-úsáideann fuil, chun ár mbeatha a shábháil; ach ní thógfaidh muid fuilaistriú.
15 Tugann muid aire mhaith dár sláinte, ach mar gheall ar dhearcadh Dé ar an mbeatha, ní thógfaidh muid fuil. Tá sé níos tábhachtaí comhairle Dé a leanúint ná dul ina aghaidh le fad a chur lenár saol. Dúirt Íosa: “Cibé arb áil leis a anam a shaoradh, caillfidh sé é; ach cibé a chaillfidh a anam mar gheall ormsa, gheobhaidh sé é.” (Matha 16:25) Tá muid ag iarraidh a bheith umhal d’Iehova mar tá grá againn dó. Is aige is fearr atá fhios céard a théann chun tairbhe dúinn, agus tá an dearcadh céanna againne ar an mbeatha is atá ag Iehova.—Eabhraigh 11:6.
16. Cén fáth a mbíonn searbhóntaí Dé umhal dó?
16 Tá rún daingean ag searbhóntaí Dé cloí le dlí Dé maidir le fuil. Ní íosfaidh agus ní ólfaidh siad fuil, agus ní thógfaidh siad aon chóir leighis a bhfuil fuil inti.a Tógfaidh siad cóir leighis eile, áfach, chun a mbeatha a shábháil. Tá siad cinnte dearfa de gur ag Cruthaitheoir na beatha agus na fola is fearr atá fhios céard a théann chun tairbhe dóibh. An gcreideann tusa gur aige is fearr atá a fhios céard a théann chun tairbhe duitse?
AN tAON ÚSÁID A CHEADAIGH IEHOVA DON FHUIL
17. Cén t-aon úsáid amháin a cheadaigh Iehova a bhaint as fuil, in Iosrael?
17 Nuair a thug Dia an Dlí do Mhaois, dúirt sé: “San fhuil atá anam na feola; thug mé daoibh í le gnás an leorghnímh [nó, an chúitimh] a chomhlíonadh ar son bhur n-anam ag an altóir; mar is í an fhuil a dhéanann leorghníomh.” (Léivític 17:11) Nuair a pheacaigh na hIosraeilítigh, bhí siad in ann ainmhí a íobairt agus iarraidh ar an sagart fuil an ainmhí a dhoirteadh ar an altóir, chun maithiúnas a fháil ó Iehova. Seo é an t-aon úsáid amháin a cheadaigh Iehova do na hIosraeilítigh a bhaint as fuil.
18. Cén deis a thugann íobairt Íosa dúinn?
18 Nuair a tháinig Íosa, thug sé a bheatha, nó a chuid fola, mar chúiteamh ar ár bpeacaí, agus dá bhrí sin ní raibh gá fuil ainmhithe a dhoirteadh mar íobairt níos mó. (Matha 20:28; Eabhraigh 10:1) Bhí beatha Íosa chomh luachmhar sin is go raibh Iehova in ann an deis a thabhairt do gach duine maireachtáil go deo.—Eoin 3:16; Eabhraigh 9:11, 12; 1 Peadar 1:18, 19.
Cén chaoi ar féidir leat urraim a thaispeáint don bheatha agus don fhuil?
19. Cén chaoi ar féidir linn urraim a thaispeáint don bheatha agus don fhuil?
19 Tá muid fíorbhuíoch d’Iehova as ucht bhronntanas na beatha! Is mian linn insint do dhaoine gur féidir leo an bheatha shíoraí a bhaint amach, ach creideamh a bheith acu in Íosa. (Eizicéil 3:17-21) Ansin, ar nós an aspail Pól, beidh muid in ann a rá: “Dearbhaím daoibh . . . nach bhfuilim freagrach i bhfuil aon duine riamh agaibh mar níor staon mé ó bheartas Dé a fhógairt daoibh ina iomláine.” (Gníomhartha 20:26, 27) Taispeánann muid go bhfuil urraim againn don bheatha agus don fhuil nuair a insíonn muid do dhaoine eile faoi Iehova, agus faoin luach atá aigesean ar an mbeatha.
a Chun tuilleadh eolais a fháil faoi fhuilaistriú, léigh leathanaigh 77-79 den leabhar “Keep Yourselves in God’s Love,” atá foilsithe ag Finnéithe Iehova.