Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • lfb ceacht 6 lth. 20-lth. 21 alt 5
  • Tagann Ochtar Slán ón Díle

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Tagann Ochtar Slán ón Díle
  • Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Áirc Naoi
    Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • An Díle Mór
    Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
  • Tógann Naoi Áirc
    Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
  • An Chéad Tuar Ceatha
    Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
Tuilleadh
Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
lfb ceacht 6 lth. 20-lth. 21 alt 5
An bháisteach ag titim agus an áirc ar snámh

CEACHT 6

Tagann Ochtar Slán ón Díle Mhór

Naoi, a chlann agus na hainmhithe ag dul amach as an áirc

Chuaigh Naoi, a chlann agus na hainmhithe isteach san áirc. Dhún Iehova an doras, ansin thosaigh an bháisteach. Chaith sé an oiread sin báistí gur shnámh an áirc. Tar éis tamaill, bhí an domhan ar fad faoi uisce. Fuair na drochdhaoine ar fad, a bhí taobh amuigh den áirc, bás. Ach bhí Naoi agus a chlann slán sábháilte taobh istigh. Samhlaigh an ríméad a bhí orthu gur fhan siad umhal d’Iehova!

Thit an bháisteach ar feadh 40 lá agus 40 oíche, agus ansin stop sí. De réir a chéile thráigh an t-uisce. Sa deireadh, thriomaigh an áirc ar shliabh. Ach fós féin bhí go leor uisce i ngach áit, agus ní raibh Naoi ná a chlann in ann a dhul amach as an áirc.

In imeacht ama, thriomaigh an talamh. Chaith Naoi agus a chlann os cionn bliana san áirc. Ansin dúirt Iehova leo go bhféadfaidís a dhul amach as an áirc le cónaí ar dhomhan nua suaimhneach. Bhí siad an-bhuíoch gur shábháil Iehova iad agus rinne siad ofráil dó lena mbuíochas a chur in iúl.

Tuar ceatha

Bhí Iehova sásta leis an ofráil seo. Gheall sé nach scriosfadh sé gach ní ar an talamh le díle arís go deo. Mar chomhartha ar an ngealltanas sin chuir sé an tuar ceatha sa spéir. An bhfaca tusa tuar ceatha riamh?

Ansin dúirt Iehova le Naoi agus lena chlann páistí a bheith acu agus an domhan a líonadh.

“Faoi mar a bhí siad sna laethanta úd roimh an díle . . . go dtí an lá a ndeachaigh Naoi san áirc, agus gan a fhios acu aon ní gur tháinig an díle agus gur sciob léi iad uile.”—Matha 24:38, 39

Ceisteanna: Céard a tharla nuair a dhún Iehova doras na háirce? Céard a chuireann an tuar ceatha i gcuimhne dúinn?

Geineasas 7:1–9:17

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn