SCÉAL 11
An Chéad Tuar Ceatha
AN BHFUIL fhios agat céard é an chéad rud a rinne Naoi nuair a tháinig sé féin agus a chlann amach as an áirc? Thug sé tabhartas do Dhia. Feiceann tú é dhá dhéanamh seo sa bpictiúr. Thug Naoi na hainmhithe seo mar bhronntanas chus buíochas a ghlacadh le Dia as ucht a chlann a shábháil ón díle mór.
An gceapann tú go raibh Iehobhah sásta leis an mbronntanas? Sea, bhí. Agus mar sin, gheall sé do Naoi nach scriosfadh sé an domhan go deo arís le díle.
Is gearr gur thriomaigh an talamh agus thosaigh Naoi agus a chlann ar shaol nua taobh amuigh den áirc. Bheannaigh Dia iad agus dúirt sé leo: ‘Bíodh go leor páistí agaibh. Téigí i líonmhaire go dtí go mbéidh daoine ina gcónaí ar fud an domhain.’
Ach níos deireanaí, nuair a chloisfeadh daoine faoin díle mór, b’fhéidir go mbeadh faitíos orthu go dtárlódh díle mar sin arís. Mar sin thug Dia rud éicint do no daoine mar chuimhneachán ar a gheallúint nach mbáfadh sé an domhan go deo arís. An bhfuil ghios agat céard a thug sé dóibh? Tuar ceatha a bhí ann.
Is minic a feictear tuar ceatha sa spéir nuair a scalann an ghrian tar éis báisteach. Bíonn go leor dathanna áilne sa tuar ceatha. An bhfaca tusa ceann riamh?
Seo é a dúirt Dia: ‘Geallaim nach scriosfar na daoine agus na hainmhithe go léir le díle go deo arís. Tá mé ag cuir mo thuar ceatha ins na néalta. Agus nuair a thiocfaidh an tuar ceatha amach feicfidh mé é agus cuimhneoidh mé ar mo gheallúint.’
Mar sin, nuair a fheiceann tú tuar ceatha céard ba chóir dó a chuir i gcuimhne duit? Sea, geallúint Dé nach scriosfadh sé an domhan le díle mór go deo arís.