CUID 2
An Díle go dtí an Fhuascailt ón Éigipt
Níor tháinig slán ón Díle ach ochtar, ach le himeacht aimsire, chuaigh an t-ochtar sin i líonmhaire go dtí go raibh siad ina mílte. Ansin, 352 bliain tar éis an Díle, rugadh Abraham. Foghlaimimid faoin gcaoi ar choinnigh Dia a gheallúint tré mac darbh ainm Isac a thabhairt d’Abraham. Ansin, ó bheirt mhac Isac, roghnaigh Dia Iacob.
Bhí clann mhór ag Iacob, dáréag mac agus roinnt iníonacha. Bhí gráin ag deichniúr mac Iacob dá ndeartháir níos óige, Seosamh, agus dhíol siad mar sclábhaí san Éigipt é. Níos deireannaí, déanadh rialtóir tabhachtach ar an Éigipt do Sheosamh. Nuair a tháinig gorta chuir Seosamh a dheartháireacha faoi thriáil go bhfeicfeadh sé an raibh aon athrú orthu. I ndeireadh na dála, d’aistrigh clann Iacob ar fad, na hIosraelítigh, go dtí an Éigipt. Thárla sé seo 290 bliain tar éis breith Abraham.
Chónaigh na hIosraelítigh ins an Éigipt ar feadh 215 bliain. Tar éis bás Sheosaimh déanadh sclábhaithe díobh ann. In am tráth, rugadh Maois, agus d’úsáid Dia é chun na hIosraelítigh a fhuascailt ón Éigipt. In iomlán, tá 857 bliain den stair clúdaithe i gCuid a DÓ.