SCÉAL 25
An Chlann san Éigipt
NÍL Seosamh in ann smacht a choinneáil ar féin níos faide. Deireann sé lena shearbhóntaí an seomra a fhágáil. Ansin tosaíonn Seosamh ag gol. Tá íontas ar a dheartháireacha. Níl fhios acu cén fáth go bhfuil sé ag gol. Faoi dheireadh deireann sé: ‘Is mise Seosamh. An bhfuil m’athair beo i gcónaí?’
Tá íontas chomh mór sin orthu nach bhfuil siad in ann labhairt. Tá faitíos orthu. Ach deireann Seosamh: ‘Tagigí anseo le bhur dtoil. Is mise bhur ndeartháir Seosamh, a dhíol sibh.
Labhraíonn Seosamh go cineálta: ‘Ná cuirigí milleán oraibh féin faoí gur dhíol sibh anseo mé. I ndáiríre is é Dia a chuir go dtí an Égigpt mé chun beatha daoine a shábháil. Cheap Faró mar rialtóir ar an tír ar fad mé. Deifrigh ar ais chuig m’athair agus inis é seo dó. Agus abair leis teacht chun cónaithe anseo.’
Ansin caitheann Seosamh a lámha timpeall ar a dheartháireacha agus pógann sé iad. Nuair a chloiseann Faró faoi dheartháireacha Sheosaimh deireann sé: ‘Tugaidís vaigíní leo agus faighidís a n-athair agus a gcuid clainne agus tagaidís ar ais anseo. Tabharfaidh mé an talamh is fearr san Éigipt dóibh.’
Anseo is féidir leat Seosamh a fheiceáil ag bualadh lena athair nuair a tháinig sé go dtí an Éigipt lena chlann.
Bhí clann Iacob an-mhór. Bhí seachtó ar fad ann nuair a d’aistrigh siad go dtí an Éigipt, Iacob, a chlann agus clann a chlainne. Ach bhí mná céile freisin ann, agus roinnt searbhóntaí is dócha. Chuir siad fúthu san Éigipt. Tugadh Iosraelítigh orthu mar go raibh ainm nua tugtha ag Dia do Iacob, sé sin Iosrael. Ba daoine an-speisialta le Dia iad mar a fheicfimid níos deireannaí.