SCÉAL 21
Díoltar Seosamh
FÉACH chomh brónach is atá an buachaill. Seo é Seosamh. Tá a dheartháireacha tar éis é a dhíol leis na fir seo atá ar a mbealach go dtí an Éigipt. Déanfar sclábhaí do Sheosamh ansin. Cén fáth a ndearna a leasdeartháireacha an drochrud seo? Tá éad orthu le Seosamh.
Bhí an-chion ag a n-athair Iacob ar Sheosamh agus thug sé cóta fada álainn dó. Nuair a chonaic a dheichniúr deartháir é seo tháinig éad orthu agus bhí fuath acu do Sheosamh. Ach bhí cúis eile a raibh fuath acu dó.
Bhí dhá bhrionglóid ag Seosamh. Ins an dá bhrionglóid bhí a dheartháireacha ag umhlú dó. Nuair a d’inis Seosamh é seo dá dheartháireacha mhéadaigh an fuath a bhí acu dó.
Lá amháin nuair a bhí na deartháireacha ag tabhairt aire do chaoire a n-athar, d’iarr Iacob ar Sheosamh dul agus féachaint cé mar bhí ag éirí leo. Nuair a fheiceann a dheartháireacha Seosamh ag teacht, deireann cuid acu: ‘Maróimís é!’ Ach deireann Reúben, an deartháir is sine: ‘Ná maraigh!’ Ach beireann said ar Sheosamh agus caitheann siad isteach i bpoll é. Ansin suíonn siad síos chun smaoineamh ar chéard a dhéanfaidh siad leis.
Timpeall an ama seo tháinig fir Isméileach thart. Dúirt Iúdá: ‘Díolaimís leis na hIsmáiligh é.’ Dhíol siad Seosamh ar 20 píosa airgid. Nach mba gránna an rud é sin.
Céard a inseoidh na deartháireacha dá n-athair? Maraíonn siad gabhar agus tomann siad cóta álainn Sheosaimh i bhfuil an ghabhair. Ansin tugann siad an cóta abhaile chuig a n-athair Iacob agus deireann siad: ‘Fuair muid é seo. Féach air go bhfeicfidh tú an é cóta Sheosaimh atá ann.’
Feiceann Iacob gurb é. ‘Is dóigh gur mharaigh ainmhí fiáin Seosamh,’ a chaoineann sé. Sin é a bhí deartháireacha Sheosaimh ag súil go gceapadh sé. Tá Iacob an bhrónach. Caoineann sé ar feadh mórán laethanta. Ach céard a thárla do Sheosamh?