SCÉAL 22
Seosamh i Bpríosún
NÍL Seosamh ach seacht mbliana déag nuair a tugtar chun na h’Éigipte é. Díoltar é le fear darb ainm Pot’i·far. Oibríonn Pot’i·far do Rí na hÉigipte, Faró.
Oibríonn Seosamh go crua dá mháistir, Pot’i·far. Mar sin, nuair atá Seosamh níos sine cuirtear i gceannas an tí ar fad é. Ach cén fáth a bhfuil sé i bpríosún? Bean Phot’i·far is cúis leis.
Fásann Seosamh suas ina ghear an-dathúil, agus tá bean Phot’i·far ag iarraidh air luí síos léí. Ach tá fhios ag Seosamh nach bhfuil sé seo ceart agus ní dhéanfaidh sé é. Tá fearg ar bhean Phot’i·far. Nuair a thagann a fear abhaile insíonn sí bréag dó: ‘An drochfhear sin Seosamh, thriáil sé luí síos liom.’ Creideann sieseann í agus caitheann sé Seosamh i bpríosún.
Tugann an fear atá i gceannas an phríosúin faoí deara gur fear maith é Seosamh. Mar sin cuireann sé i gceannas ar na príosúnaí eile é. Níos deireanaí cuireann Faró a chornaire agus a bháicéara i bpríosún. Oíche amháin bíonn brionglóid an duine acu ach níl siad in ann iad a thuiscint. Lá arna mhárach deireann Seosamh: ‘Inis dom bhur mbrionglóidí.’ Agus nuair a insíonn tugann Seosamh, le cabhair ó Dhia, míniú dóibh.
Deireann Seosamh leis an gcornaire: ‘Tar éis trí lá scaoilfear saor thú agus béidh tú mar chornaire ag Faró arís. Nuair a bhéidh tú amuigh, inis do Faró fúmsa, agus cabhraigh liom fáil amach as an áit seo.’ Ach dúirt Seosamh leis an mbáicéara: ‘I gceann trí lá bainfidh Faró an cloigeann díot.’
I dtrí lá tárlaíonn sé díreach mar a bhí ráite ag Seosamh. Baintear an cloigeann den bháicéara ach tosaíonn an cornaire ag freastal ar an rí arís. Ach déanann an cornaire dearmad glan ar Sheosamh! Ní insíonn sé do Faró faoi agus tá ar Sheosamh fanacht i bpríosún.