Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • my scéal 23
  • Brionglóidí Faró

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Brionglóidí Faró
  • Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Ní Dhearna Iehova Dearmad ar Iósaef
    Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • Seosamh i Bpríosún
    Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
  • Díoltar Seosamh
    Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
  • An Chlann san Éigipt
    Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
my scéal 23

SCÉAL 23

Brionglóidí Faró

TÉANN dhá bhliain thart, agus tá Seosamh fós i bpríosún. Níor chuimhne an cornaire air. Ansin, oíche amháin bhí dhá bhrionglóid an-speisialta ag Faró ar mhaith leis míniú a fháil orthu. Maidin lá arna mhárach glaíonn Faró ar a chuid fir feasa agus insíonn sé a bhrionglóidí dóibh. Ach níl siad in ann na brionglóidí a mhíniú dó.

Anois, ar deireadh thiar, cuimhníonn an cornaire ar Sheosamh. Deireann sé le Faró: ‘Nuair a bhí mise i bpríosún bhí fear ansin a bhí in ann brionglóidí a mhíniú.’ Ordaíonn Faró Seosamh a thabhairt ón bpríosún láithreach.

Insíonn Faró a bhrionglóid dó: ‘Chonaic mé seacht mbó a bhí ramhar. Ansin chonaic mé seacht mbó a bhí tanaí cnámhach. Agus d’ith na ba tanaí na ba ramhra.

‘Ins an dara brionglóid chonaic mé seacht ndias arbhair a bhí aibí, torthúil ag fás ar aon ghas amháin. Ansin chonaic mé seacht ndias arbhair a bhí tanaí, triomaithe suas. Agus shlog na seacht ndias tanaí na seacht ndias torthúla.’

Deireann Seosamh le Faró: ‘Is é an míniú céanna atá leis an dá bhrionglóid. Ciallaíonn na seacht mbó ramhra agus na seacht ndias torthúla seacht mbliana, agus ciallaíonn na seacht mbó tanaí agus na seacht ndias tanaí seacht mbliana eile. Béidh seacht mbliana ina bhfásfaidh go leor bia ins an Éigipt. Ansin béidh seacht mbliana ina bhfásfaidh fíor bheagán bia.’

Mar sin deireann Seosamh le Faró: ‘Roghnaigh fear críonna agus cuir i gceannas ar bhailiúchán an bhia é ar feadh na seacht ndeá-bhliain. Ansin ní bhéidh ocras ar na daoine le linn na seacht ndrochbhliain nuair nach bhfásfaidh ach fíor bheagán bia.’

Is maith le Faró an smaoineamh seo. Agus roghnaíonn sé Seosamh chun an bia a bhailiú agus a stóráil. Anois is é Seosamh an fear is tabhachtaí ins an Éigipt, seachas Faró.

Ocht mbliana níos deireanaí, le linn an ghorta, feiceann Seosamh fir ag teacht. Cé hiad féin? Is iad a dheichniúr deartháireacha atá ann. Chuir a n-athair Iacob go dtí an Éigipt iad mar bhí an bia ag fáil gann sa mbaile i gCa’naan. Aithníonn Seosamh a dheartháireacha ach ní aithníonn siadsan é. Tá Seosamh níos sine anois agus caitheann sé éadaigh de chineál eile.

Cuimhníonn Seosamh go raibh brionglóid aige nuair a bhí sé óg, ina raibh a dheartháireacha ag teacht chun umhlú dó. Mar sin feiceann Seosamh gurbh é Dia a chuir síos go dtí an Éigipt é agus go raibh cúis mhaith leis. Céard a cheapann tú a dhéanfaidh Seosamh? Feicimís.

Geineasas 41:1-57; 42:1-8; 50:20

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn