SCÉAL 24
Arthrú ar a Dheartháireacha
TEASTAÍONN uaidh Sheosaimh fáil amach an bhfuil a dheartháireacha míchineálta i gcónaí. Deireann sé leo: ‘Is spiairí sibh. Tá sibh ag iarraidh na laigí in ár dtír a aimsiú.’
‘Níl muid,’ a deireann siad. ‘Is fir chneasta sinn, agus deartháireacha. Bhí dháréag againn ann. Ach tá duine nach bhfuil ann níos mó agus an duine is óige sa mbaile lenár n-athair.’
Ligeann Seosamh air nach gcreideann sé iad. Coinníonn sé an deartháir ar a dtugtar Sim’eón i bpríosún, agus ceadaíonn se don chuid eile bia a thógáil agus dul abhaile. Ach deireann sé leo: ‘Nuair a fhillfidh sibh tugaigí bhur ndeartháir is óige libh.’
Nuair a fhilleann siad abhaile go Ca’naan insíonn siad dá n-athair gach ar thárla. Tá Iacob an-bhrónach. ‘Níl Seosamh ann níos mo,’ a chaoineann sé, ‘agus anois níl Sim’eón ann níos mó. Ní cheadóidh mé díbh mo mhac Beniámín a thógáil.’ Ach nuair a thosaíonn an bia ag fáil gann arís, bíonn ar Iacob cead a thabhairt dóibh Beniámín a thabhairt go dtí an Éigipt.
Feiceann Seosamh a dheartháireacha ag teacht. Tá an-áthas air a dheartháir is óige, Beniámin, a fheiceáil. Ar ndóigh níl fhios acu gurb é Seosamh an fear tabhachtach seo. Cuireann Seosamh triáil ar a dheartháireacha anois.
Cuireann sé ar a chuid searbhóntaí a gcuid málái a líonadh le bia. Ach i ngan fhios dóibh cuirtear a chupán speisialta airgid i mála Bheniámín. Agus iad imithe achar gearr ar an mbóthar, cuireann Seosamh a shearbhómtaí ina ndiaidh. Nuair a thagann siad suas leo deireann na searbhóntaí: ‘Cén fáth ar ghoid sibh cupán airgid ár máistir?’
‘Níor ghoid muid an cupán,’ a deireann siad. ‘Má fháigheann sibh an cupán ar éinne againn, cuirtear chun báis an duine sin.’
Cuardaíonn na searbhóntaí tríd na málaí ar fad agus fáigheann siad an cupán i mála Bheniámín. Deireann na searbhóntaí: ‘Is féidir libhse dul abhaile ach caithfidh Beniámín teacht linne.’ Céard a dhéanfaidh na leasdeartháireacha anois?
Filleann siad ar fad ar Sheosamh. Deireann Seosamh leo: ‘Is féidir libhse ar fad imeacht abbhaile, ach caithfidh Beniámín fanacht anseo mar sclábhaí domsa.’
Labhraíonn Iúdá anois: ‘Má theim abhaile gan an buachaill, gheobhaidh m’athair bás mar tá an-chion aige air. Más é do thoil é, coinnigh mise mar sclábhaí, ach lig don bhuachaill imeacht.’
Feiceann Seosamh athrú ar a dheartháireacha. Níl siad míchineálta níos mó. Féachaimís céard a dhéanann Seosamh anois.