CUID 5
Cuireann Dia a Bheannacht ar Abrahám Agus a Chlann
Bíonn rath ar shliocht Abrahám. Cosnaíonn Dia Iósaef san Éigipt
BHÍ a fhios ag Iehova go gcaithfeadh a mhac muirneach fulaingt agus bás a fháil lá éigin. Thug an tairngreacht i nGeineasas 3:15 leide faoin bhfírinne sin. An mbeadh Iehova in ann léiriú don chine daonna cé chomh mór agus a ghoillfeadh an bás sin air? Cuireann an Bíobla léaráid bheo ar fáil dúinn. D’iarr Dia ar Abrahám a mhac muirneach Íosác a ofráil mar íobairt.
Bhí creideamh suntasach ag Abrahám. Cuimhnigh gur gheall Dia dó go dtiocfadh an Fuascailteoir nó an Síol, trí shliocht Íosác. Ós rud é go raibh Abrahám muiníneach as cumas Iehova aiséirí a thabhairt d’Íosac dá mba ghá, léirigh Abrahám umhlaíocht do Dhia agus bhí sé réidh lena mhac féin a íobairt. Ach chuir aingeal ó Dhia cosc ar Abrahám sula ndearna sé an beart. Mhol Dia Abrahám as chomh toilteanach agus a bhí sé an té ba ghaire dá chroí a íobairt agus thug sé A ghealltanais don phatrarc dílis in athuair.
Ina dhiaidh sin, bhí beirt mhac ag Íosác, Éasau agus Iacób. Ní fearacht Éasau, bhí meas ag Iacób ar rudaí spioradálta agus fuair sé a luach saothair. D’athraigh Dia ainm Iacób go hIosrael agus ba iad 12 mac Iosrael a bhí mar cheannairí ar threibheanna Iosrael. Ach cén chaoi ar déanadh náisiún mór den chlann sin?
Tharla sraith eachtraí nuair a d’éirigh éad idir formhór na ndeartháireacha agus a ndeartháir ní b’óige Iósaef. Dhíol siad é mar sclábhaí agus tugadh go dtí an Éigipt é. Ach chuir Dia a bheannacht ar an bhfear óg, dílis, misniúil sin. Cé gur fhulaing sé cruatan mór, in am tráth dhírigh Faró, rialtóir na hÉigipte, a aird air agus thug sé stádas údarásach dó. Ba thráthúil mar a tharla, mar nuair a chuir Iacób cuid dá chlann mhac go dtí an Éigipt le bia a cheannach le linn gorta—ba é Iósaef a bhí i bhfeighil an bhia ar fad! Tar éis teacht le chéile drámata lena chuid deartháireacha, mhaith Iósaef dóibh gach a ndearna siad air agus shocraigh sé don chlann uile dul chun cónaí san Éigipt. Tugadh togha na talún dóibh, áit a leanfaidís ag dul i líonmhaire agus a mbeadh rath orthu ann. Thuig Iósaef gur leag Dia amach cúrsaí ar an mbealach seo chun a ghealltanais a chomhlíonadh.
Chaith Iacób an chuid eile dá shaol san Éigipt, áit a bhfuair sé aois mhór agus é ina chónaí lena chlann a bhí ag dul i líonmhaire. Ar leaba a bháis, thuar sé gur trí shliocht a mhic, Iúdá, a thiocfadh an Síol nó an Fuascailteoir agus gur Rialtóir cumhachtach a bheadh ann. Blianta ina dhiaidh sin, sular bhásaigh Iósaef, thuar seisean go dtabharfadh Dia teaghlach Iacób amach as an Éigipt.
—Bunaithe ar Geineasas caibidil 20 go 50; Eabhraigh 11:17-22.