Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • lfb ceacht 9 lth. 28-lth. 29 alt 1
  • Mac Ar Deireadh Thiar!

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Mac Ar Deireadh Thiar!
  • Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Triáleann Dia Abraham
    Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
  • Bhí Abrahám agus Sárá Umhal do Dhia
    Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
lfb ceacht 9 lth. 28-lth. 29 alt 1
Sárá ag éisteacht istigh i bpuball agus na haingil ag caint le hAbrahám

CEACHT 9

Mac ar Deireadh Thiar!

Bhí Abrahám agus Sárá pósta ar feadh blianta fada. Bhí an teach compordach a bhí acu in Úr fágtha acu agus iad ina gcónaí i bpuball. Ach ní raibh Sárá ag clamhsán, mar bhí muinín aici as Iehova.

Bhí an oiread fonn ar Shárá páiste a bheith aici go ndúirt sí le hAbrahám: ‘Dá mbeadh páiste ag mo shearbhónta Hágár leatsa, bheadh sé mar a bheadh páiste agam féin.’ In am trátha bhí mac ag Hágár. Ísmeáél a tugadh mar ainm air.

Tá Sárá ag súil le páiste

Cuid mhaith blianta ina dhiaidh sin nuair a bhí Abrahám 99 bliain d’aois agus Sárá 89 bliain d’aois, tháinig triúr cuairteoirí chucu. Thug Abrahám cuireadh dóibh a scíth a ligean faoi chrann agus béile a bheith acu. An bhfuil a fhios agat cérbh iad na cuairteoirí seo? B’aingil iad. Dúirt siad le hAbrahám: ‘An t-am seo an chéad bhliain eile, beidh mac agat féin agus Sárá.’ Bhí Sárá istigh sa bpuball agus í ag éisteacht. Rinne sí gáire agus dúirt sí léi féin: ‘An féidir liomsa páiste a bheith agam i mo sheanaois?’

An bhliain dár gcionn, bhí páiste ag Sárá, díreach mar a gheall aingeal Iehova. Thug Abrahám Íosác mar ainm air, ainm a chiallaíonn “Gáire.”

Nuair a bhí Íosác cúig bliana d’aois, thug Sárá faoi deara go mbíodh Ísmeáél ag magadh faoi. Bhí sí ag iarraidh a mac a chosaint, mar sin chuaigh sí go dtí Abrahám agus d’iarr sí air Hágár agus Ísmeáél a dhíbirt. Ní raibh Abrahám ag iarraidh é sin a dhéanamh ar dtús. Ach bhí Iehova freisin ag iarraidh Íosác a chosaint, agus dúirt sé le hAbrahám: ‘Déan mar a dúirt Sárá leat. Tabharfaidh mise aire d’Ísmeáél. Ach is trí Íosác a chomhlíonfar mo ghealltanais.’

Sárá le hais Íosác, agus Hágár agus Ísmeáél ag bualadh bóthair

“Trí chreideamh freisin fuair Sárá féin neart chun mac a ghabháil . . . Óir chreid sí gurbh iontaofa an té a thug an gealltanas uaidh.”—Eabhraigh 11:11

Ceisteanna: Céard a chuala Sárá na haingil ag rá le hAbrahám? Cén chaoi ar chosain Iehova Íosác?

Geineasas 16:1-4, 15, 16; 17:25-27; 18:1-15; 21:1-14; Eabhraigh 11:11

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn