Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • lfb ceacht 23 lth. 60-lth. 61 alt 4
  • Thug Siad Gealltanas d’Iehova

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Thug Siad Gealltanas d’Iehova
  • Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Tugainn Iehobhah a Dhlíthe
    Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
  • Níor Choinnigh Siad a nGealltanas
    Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • Sceach Trí Thine
    Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
lfb ceacht 23 lth. 60-lth. 61 alt 4
Seasann na hIosraeilítigh ag bun Shliabh Shíonái

CEACHT 23

Thug Siad Gealltanas d’Iehova

Tuairim is dhá mhí tar éis dóibh an Éigipt a fhágáil, tháinig na hIosraeilítigh chomh fada le Sliabh Shíonái agus champáil siad ann. Ghlaoigh Iehova ar Mhaois agus chuaigh Maois suas an sliabh. Dúirt Iehova leis: ‘Thug mé slán na hIosraeilítigh. Má bhíonn siad umhal dom agus má choinníonn siad mo chuid dlíthe, beidh siad mar phobal speisialta agam.’ Nuair a tháinig Maois anuas den sliabh d’inis sé do na hIosraeilítigh an méid a bhí ráite ag Iehova leis. Cén freagra a thug siad air? Dúirt siad: ‘Déanfaidh muid gach a n-ordaíonn Iehova dúinn a dhéanamh.’

Chuaigh Maois suas an sliabh arís. Dúirt Iehova leis ansin: ‘Labhróidh mé leat faoi cheann trí lá. Cuir fainic ar na daoine gan a dhul suas Sliabh Shíonái.’ Chuaigh Maois síos agus dúirt sé leis na hIosraeilítigh fáil réidh mar go raibh Iehova chun labhairt leo.

Seasann na hIosraeilítigh ag bun Shliabh Shíonái

Trí lá ina dhiaidh sin, chonaic na hIosraeilítigh tintreach agus scamaill dhorcha ar an sliabh. Chomh maith leis sin, chuala siad pléasc thoirní agus adharc á séideadh. Ansin tháinig Iehova anuas ar an sliabh mar a bheadh tine ann. Bhí na hIosraeilítigh ag crith le heagla. Bhí an sliabh go léir ag crith go tréan agus bhí sé faoi bhrat deataigh. Bhí torann na hadhairce ag dul ó neart go neart. Ansin dúirt Dia: ‘Is mise Iehova. Ná bígí ag adhradh aon déithe eile.’

Chuaigh Maois suas an sliabh den tríú huair. Thug Iehova dlíthe dó chun na daoine a oiliúint. Chuir na dlíthe in iúl an chaoi ar cheart dóibh Dia a adhradh, agus an chaoi ar cheart dóibh iad féin a iompar. Scríobh Maois síos na dlíthe agus ansin léigh sé do na hIosraeilítigh iad. Gheall siad: ‘Déanfaidh muid gach a n-ordaíonn Iehova dúinn a dhéanamh.’ Sea go deimhin, thug siad gealltanas do Dhia. Ach an gcomhlíonfaidís é?

“Gráóidh tú do Thiarna Dia ó do chroí go hiomlán agus ó d’anam go hiomlán agus ó d’aigne go hiomlán.”—Matha 22:37

Ceisteanna: Céard a tharla ar Shliabh Shíonái? Céard a gheall na hIosraeilítigh a dhéanfaidís?

Eaxodus 19:1–20:21; 24:1-8; Deotranaimí 7:6-9; Nihimiá 9:13, 14

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn