Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • lfb ceacht 28 lth. 70-lth. 71 alt 1
  • Labhraíonn Asal Bhalám

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Labhraíonn Asal Bhalám
  • Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Labhraíonn Asal
    Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
lfb ceacht 28 lth. 70-lth. 71 alt 1
Luíonn asal Bhalám ar an mbóthar nuair a fheiceann sé aingeal Dé

CEACHT 28

Labhraíonn Asal Bhalám

Bhí na hIosraeilítigh beagnach 40 bliain sa bhfásach. Bhí cuid mhaith cathracha láidre curtha faoi chois acu. Bhí siad campáilte ar mhachairí Mhóáb taobh thoir d’abhainn na hIordáine. Bhí sé in am acu anois dul isteach sa Tír Tairngire. Bhí eagla ar Bhálác, rí Mhóáb, go raibh siad ag dul a thír a ghabháil. Mar sin thug sé cuireadh d’fhear darbh ainm Balám a theacht agus mallacht a chur ar na hIosraeilítigh.

Ach dúirt Iehova le Balám: ‘Ná cuir mallacht ar na hIosraeilítigh.’ Mar sin dhiúltaigh Balám a dhul go Móáb. Thug Rí Bálác cuireadh eile dó, agus gheall sé go dtabharfadh sé dó rud ar bith a bhí sé ag iarraidh. Mar sin féin, dhiúltaigh Balám. Dúirt Dia ansin: ‘Is féidir leat a dhul ann, ach ní féidir leat a rá ach na focail a chuirfidh mise i do bhéal.’

Chuaigh Balám ar a asal agus d’imigh leis ó dheas go Móáb. Bhí sé ar intinn aige mallacht a chur ar na hIosraeilítigh, cé go ndúirt Iehova leis gan é sin a dhéanamh. Tháinig aingeal Iehova roimhe ar an mbóthar trí huaire. Ní raibh Balám in ann an t-aingeal a fheiceáil, ach bhí an t-asal. Ar dtús d’imigh an t-asal den bhóthar isteach i bpáirc. Ansin chuaigh an t-asal isteach le taobh an bhalla, agus sáinníodh cos Bhalám idir an t-asal agus an balla. Sa deireadh, luigh an t-asal i lár an bhóthair. Tháinig fearg ar Bhalám agus bhuail sé an t-asal le slat.

Tar éis an tríú huair, bhain Iehova caint as an asal. D’fhiafraigh an t-asal de Bhalám: ‘Cén fáth a bhfuil tú do mo bhualadh?’ Dúirt Balám: ‘Tá ceap magaidh déanta agat díom. Mharóinn thú dá mbeadh claíomh agam.’ Dúirt an t-asal: ‘Nach bhfuil tú ag marcaíocht orm leis na blianta. Ar chaith mé mar seo leat riamh cheana?’

Ansin lig Iehova do Bhalám an t-aingeal a fheiceáil. Dúirt an t-aingeal: ‘Dúirt Iehova leat gan mallacht a chur ar Iosrael.’ Dúirt Balám: ‘Bhí mé as bealach. Rachaidh mé ar ais abhaile.’ Ach dúirt an t-aingeal leis: ‘Is féidir leat a dhul go Móáb, ach ní féidir leat a rá ach na focail a chuirfidh Iehova i do bhéal.’

An raibh a cheacht foghlamtha ag Balám? Ní raibh. Ina dhiaidh sin, thriail sé trí huaire mallacht a chur ar Iosrael, ach is beannachtaí a chuir Iehova ina bhéal. Sa deireadh, d’ionsaigh na hIosraeilítigh Móáb agus maraíodh Balám. Nach mbeadh sé i bhfad níos fearr dá n-éistfeadh Balám le hIehova sa gcéad áit?

“Tugaigí aire agus seachnaígí gach sórt sainte; mar ní ionann maoin an tsaoil dá mhéad agus beatha an duine.”—Lúcás 12:15, Tiomna Nua le Cosslett Ó Cuinn

Ceisteanna: Cén fáth a ndeachaigh Balám go Móáb? Céard a tharla dó ar a bhealach ann?

Uimhreacha 22:1–24:25; 31:8; Nihimiá 13:2; 2 Peadar 2:15, 16; Iúd 11

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn