Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • lfb ceacht 27 lth. 68-lth. 69 alt 2
  • D’Éirigh Siad Amach in Aghaidh Iehova

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • D’Éirigh Siad Amach in Aghaidh Iehova
  • Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Bláthanna ar Shlat Arón
    Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
lfb ceacht 27 lth. 68-lth. 69 alt 2
Corach agus a lucht tacaíochta os comhair Mhaois agus Árón

CEACHT 27

D’Éirigh Siad Amach in Aghaidh Iehova

Tamall ina dhiaidh sin, nuair a bhí na hIosraeilítigh sa bhfásach, d’éirigh Corach, Dátán agus Aibíorám amach in aghaidh Mhaois. Dúirt siad leis: ‘Tá muid tinn tuirseach díbh! Cén fáth a mbeadh tusa mar cheannaire orainn agus Árón mar ardsagart? Nach bhfuil Iehova linn ar fad, ní leatsa agus le hÁrón amháin.’ I súile Iehova ba ag éirí amach ina aghaidh féin a bhí siad, agus ní raibh sé sásta!

Dúirt Maois le Corach agus lena lucht tacaíochta: ‘Tagaigí go dtí an taibearnacal amárach, agus tugaigí libh bhur dtúiseoirí agus bíodh túis iontu. Taispeánfaidh Iehova ansin dúinn cé atá roghnaithe aige.’

An lá dár gcionn, chas Corach agus an 250 fear le Maois ag an taibearnacal. Dhóigh siad an túis ansin, rud nach raibh cead ach ag sagart a dhéanamh. Dúirt Iehova le Maois agus le hÁrón: ‘Coinnígí amach ó Chorach agus a chuid fear.’

Cé go ndeachaigh Corach go dtí Maois ag an taibearnacal, dhiúltaigh Dátán, Aibíorám, agus a dteaghlaigh a dhul ann. Dúirt Iehova leis na hIosraeilítigh seasamh siar ó phubaill Chorach, Dátán agus Aibíorám. Sheas na hIosraeilítigh siar láithreach. Bhí Dátán, Aibíorám agus a dteaghlaigh ina seasamh taobh amuigh dá bpubaill. Go tobann, d’oscail an talamh agus shlog sé iad. Tháinig tine anuas ó neamh ag an taibearnacal agus loisceadh Corach agus a 250 fear.

Osclaíonn an talamh agus slogann sé Dátán, Aibíorám agus a dteaghlaigh

Ansin dúirt Iehova le Maois: ‘Tóg slat ó thaoiseach gach treibh, agus scríobh a ainm air. Ach scríobh ainm Árón ar shlat threibh Léiví. Cuir isteach sa taibearnacal iad agus fásfaidh bláthanna ar shlat an fhir a roghnóidh mise.’

Lá arna mhárach, fuair Maois na slata go léir agus thaispeáin sé do na taoisigh iad. Bhí almóinní aibí ag fás ar shlat Árón. Ar an mbealach seo, rinne Iehova an-soiléir cé a bhí roghnaithe aige le bheith ina ardsagart.

“Bígí umhal do bhur gceannairí agus tugaigí aird orthu.”—Eabhraigh 13:17

Ceisteanna: Cén fáth ar éirigh Corach agus a lucht tacaíochta amach in aghaidh Mhaois? Cén chaoi a bhfuil a fhios againn gur roghnaigh Iehova Árón le bheith ina ardsagart?

Uimhreacha 16:1–17:13; 26:9-11; Salm 106:16-18

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn