Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • lfb ceacht 26 lth. 66-lth. 67 alt 1
  • An Daréag Spiaire

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Daréag Spiaire
  • Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • An 12 Spiaire
    Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
  • Rahab Agus na Spiairí
    Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
  • Roghnaigh Iehova Iósua
    Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • Téann Pobal Iosrael Isteach go Canán
    An Bíobla—Cén Teachtaireacht atá Ann?
Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
lfb ceacht 26 lth. 66-lth. 67 alt 1
Fir Iosraeilíteacha ag spiadóireacht ar thír Chanán

CEACHT 26

An Dáréag Spiaire

D’fhág na hIosraeilítigh Sliabh Shíonái agus thaistil siad trí fhásach Phárán go dtí áit ar a dtugtar Cáidéis. Dúirt Iehova le Maois: ‘Cuir amach dháréag fear, duine ó gach treibh, chun spiadóireacht a dhéanamh ar Chanán, an tír atá mé chun a thabhairt do na hIosraeilítigh.’ Mar sin roghnaigh Maois dháréag fear agus dúirt sé leo: ‘Téigí go Canán agus faighigí amach an talamh maith curadóireachta é. Faighigí amach an bhfuil na daoine lag nó láidir agus an gcónaíonn siad i bpubaill, nó i gcathracha.’ D’imigh an dáréag spiaire leo go Canán. Bhí Iósua agus Cálaeb ina measc.

Tá na hIosraeilítigh ag gearán agus tagann lagmhisneach orthu

Tháinig na spiairí ar ais tar éis 40 lá, le figí, pomagránaití, agus fíonchaora. Dúirt na spiairí: ‘Tá an talamh go maith, ach tá na daoine láidir agus tá ballaí arda ar na cathracha.’ Dúirt Cálaeb ansin: ‘Tá muid in ann an ceann is fearr a fháil orthu. Fágaigí seo anois díreach!’ An bhfuil a fhios agat cén fáth a ndúirt Cálaeb é sin? Mar bhí muinín aige féin agus ag Iósua as Iehova. Ach dúirt an deichniúr spiairí eile: ‘Ní fhágfaidh muid! Tá na daoine mór millteach. Is cosúil le fathaigh iad! Bhí muidne mar a bheadh dreoilíní teaspaigh lena n-ais.’

Tháinig lagmhisneach ar na hIosraeilítigh. Thosaigh siad ag gearán agus ag rá lena chéile: ‘Roghnóidh muid ceannaire eile agus rachaidh muid ar ais go dtí an Éigipt. Má théann muid go dtí an áit sin marófar muid!’ Dúirt Iósua agus Cálaeb leo: ‘Ná bígí easumhal d’Iehova agus ná bíodh eagla oraibh. Cosnóidh Iehova muid.’ Ach ní éistfeadh na hIosraeilítigh. Bhí siad ag iarraidh Iósua agus Cálaeb a mharú fiú!

Céard a rinne Iehova? Dúirt sé le Maois: ‘Tar éis gach a bhfuil déanta agam do na hIosraeilítigh, níl aon aird acu orm. Mar sin, fanfaidh siad sa bhfásach ar feadh 40 bliain agus gheobhaidh siad bás ann. Ach rachaidh a gclann, agus Iósua agus Cálaeb, isteach sa tír atá geallta agam dóibh.’

“Cén fáth a bhfuil eagla oraibh, a lucht an bheagán creidimh?”—Matha 8:26

Ceisteanna: Céard a tharla nuair a tháinig an dáréag spiaire ar ais ó Chanán? Cén chaoi ar léirigh Iósua agus Cálaeb go raibh muinín acu as Iehova?

Uimhreacha 13:1–14:38; Deotranaimí 1:22-33; Salm 78:22; Eabhraigh 3:17-18b (3:17-19 i mBíoblaí eile)

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn