CUID 8
Téann Pobal Iosrael Isteach go Canán
Faoi cheannas Iósua cuireann Iosrael Canán faoi chois. Cuireann Iehova ar chumas na mbreithiúna a phobal a thabhairt slán ón leatrom
BHÍ talamh Chanán geallta ag Iehova do shliocht Abrahám na céadta bliain sula ndeachaigh Iosrael isteach ann. Anois faoi cheannaireacht Iósua, bhí na hIosraeilítigh ar tí seilbh a ghlacadh ar an Tír Tairngire.
Bhí breithiúnas tugtha ag Dia gur léirscrios a bhí tuillte ag na Canánaigh. Bhí cleachtais ghnéis ríthruaillithe agus doirteadh fola ainrianta coitianta ina measc. Dá bhrí sin, bhí na cathracha Canánacha a chuir na hIosraeilítigh faoi smacht le scrios as éadan.
Sula ndeachaigh siad isteach sa tír, chuir Iósua beirt spiaire amach a fuair dídean i gcathair Ireachó ó bhean darbh ainm Rácháb. Thug sí na spiairí isteach ina teach agus thug sí cosaint dóibh cé go raibh fhios aici gurbh Iosraeilítigh iad. Bhí muinín ag Rácháb as Dia na nIosraeilíteach, mar bhí cloiste aici faoi na gníomhartha a rinne sé lena phobal a thabhairt slán. Chuir sí na spiairí faoi mhionn go dtabharfaidís í féin agus a teaghlach slán.
Tar éis do na hIosraeilítigh dul isteach go Canán agus Ireachó a ionsaí, leag Iehova ballaí Ireachó go míorúilteach. Nuair a scrios trúpaí Iósua an chathair thug siad Rácháb agus a teaghlach slán. Ansin, i bhfeachtas nár mhair ach sé bliana, chuir Iósua réimsí móra den Tír Tairngire faoi chois. Ina dhiaidh sin, roinneadh an talamh ar threibheanna Iosrael.
Nuair a bhí a réim ag teacht chun críche, bhailigh Iósua na daoine le chéile. Thug sé chun cuimhne mar a chaith Iehova lena sinsir agus d’impigh sé orthu a bheith umhal do Iehova. Tar éis do Iósua agus dá chomhpháirtithe bás a fháil, áfach, thug na hIosraeilítigh a ndroim do Iehova le déithe bréige a adhradh. Ar feadh breis agus 300 bliain, ní raibh an náisiún buanseasmhach ina n-umhlaíocht do dhlíthe Dé. Le linn an ama sin, lig Iehova do naimhde Iosrael, na Filistínigh mar shampla, leatrom a dhéanamh orthu. Ach nuair a rinne na hIosraeilítigh achainí ar Iehova fóirithint orthu, cheap sé breithiúna—12 ar fad—chun iad a tharrtháil.
Thosaigh tréimhse na mBreithiúna, a bhfuil tuairisc tugtha air i Leabhar na mBreithiúna, le hOitníéil agus chríochnaigh sé le Samsón, an fear ba láidre dár mhair riamh. Tá fírinne bhunúsach léirithe arís agus arís eile sa chuntas spreagúil i Leabhar na mBreithiúna: Beannachtaí a bhíonn mar thoradh ar umhlaíocht do Iehova agus anachain a bhíonn mar thoradh ar easumhlaíocht dó.
—Bunaithe ar Iósua; Breithiúna; Léivític 18:24, 25.