Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • yc ceacht 3 leathanaigh 8-9
  • Chreid Rácháb in Iehova

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Chreid Rácháb in Iehova
  • Ag Foghlaim Le Chéile Ó Dhia
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Chuir Rácháb na Spiairí i bhFolach
    Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • Rahab Agus na Spiairí
    Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
  • Ballaí Iericho
    Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
  • Téann Pobal Iosrael Isteach go Canán
    An Bíobla—Cén Teachtaireacht atá Ann?
Ag Foghlaim Le Chéile Ó Dhia
yc ceacht 3 leathanaigh 8-9
Tagann Rácháb suas go dtí an díon, áit a bhfuil na spiairí i bhfolach

CEACHT 3

Chreid Rácháb in Iehova

Ligimis orainn féin go bhfuilimid i gcathair Ireachó. Tá an chathair seo i dtír Chanán, áit nach gcreideann na daoine in Iehova. Tá bean darb ainm Rácháb ina cónaí inti.

Nuair a bhí Rácháb ina cailín óg chuala sí scéalta faoi mar a scar Maois an Mhuir Rua agus mar a threoraigh sé na hIosraeilítigh amach as an Éigipt. Chuala sí freisin faoin gcaoi ar chabhraigh Iehova leo an bua a fháil sna cogaí in aghaidh a namhad. Cloiseann sí anois go bhfuil na hIosraeilítigh campáilte in aice Ireachó!

Chosain Rácháb na spiairí mar gur chreid sí in Iehova

Tráthnóna amháin, téann beirt spiairí Iosraeilíteach go dtí Ireachó chun eolas a fháil ar an gcathair. Sroicheann siad teach Rácháb. Tugann sí cuireadh dóibh teacht isteach agus fanacht léi. I rith na hoíche, cloiseann rí Ireachó go bhfuil spiairí sa chathair agus go bhfuil siad imithe go dtí teach Rácháb. Mar sin, cuireann an rí a chuid fir amach chun iad a ghabháil. Cuireann Rácháb an bheirt spiairí i bhfolach ar dhíon cothrom a tí agus deir sí le fir an rí: ‘Bhí na spiairí anseo, ach tá siad imithe as an gcathair cheana féin. Má imíonn sibh anois béarfaidh sibh orthu!’ An bhfuil a fhios agat cén fáth a bhfuil Rácháb ag cosaint na spiairí?— Mar creideann sí in Iehova agus tá a fhios aici go dtabharfaidh sé talamh thír Chanán do na hIosraeilítigh.

Sula bhfágann na spiairí teach Rácháb, geallann siad di go sábhálfar í féin agus a teaghlach nuair a scriosfar Ireachó. An bhfuil a fhios agat céard a deir siad léi a dhéanamh?— Deir siad: ‘Tóg an rópa dearg seo, agus croch as d’fhuinneog é. Má dhéanann tú é seo, sábhálfar gach duine atá i do theach.’ Déanann Rácháb díreach mar a dúirt na spiairí léi. An bhfuil a fhios agat céard a tharlaíonn ina dhiaidh sin?—

Tá an rópa dearg ar crochadh ó fhuinneog Rácháb ar bhalla Ireachó

Shábháil Iehova Rácháb agus a teaghlach

Cúpla lá ina dhiaidh sin, máirseálann na hIosraeilítigh timpeall na cathrach go ciúin. Máirseálann siad timpeall na cathrach, uair amháin in aghaidh an lae ar feadh sé lá. Ach ar an seachtú lá, máirseálann siad timpeall na cathrach seacht n-uaire. Ansin béiceann siad go léir os ard a gcinn. Leagann Iehova go talamh na ballaí atá mórthimpeall na cathrach. Ach tá an teach leis an rópa dearg crochta amach as an bhfuinneog, fós ina sheasamh! An bhfeiceann tú sa phictiúr é?— Tá Rácháb agus a teaghlach slán sábháilte!

Céard is féidir leatsa a fhoghlaim ó Rácháb?— Chreid Rácháb in Iehova mar gheall ar na rudaí iontacha a bhí foghlamtha aici ina thaobh. Tá tusa freisin ag foghlaim go leor rudaí iontacha faoi Iehova. An gcreideann tusa ann mar a chreid Rácháb?— Tá mé cinnte go gcreideann!

LÉIGH I DO BÍOBLA

  • Iósua 2:1-24; 6:1-5, 14, 15, 20-25

  • Eabhraigh 11:31

CEISTEANNA

  • Cé na scéalta a chuala Rácháb nuair a bhí sí ina cailín óg?

  • Cén chaoi ar chabhraigh sí leis na spiairí Iosraeilíteacha? Cén fáth ar chabhraigh sí leo?

  • Céard a gheall na spiairí do Rácháb?

  • Céard is féidir leatsa a fhoghlaim ó Rácháb?

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn