Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • lfb ceacht 30 lth. 76
  • Chuir Rácháb na Spiairí i bhFolach

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Chuir Rácháb na Spiairí i bhFolach
  • Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Chreid Rácháb in Iehova
    Ag Foghlaim Le Chéile Ó Dhia
  • Rahab Agus na Spiairí
    Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
  • Ballaí Iericho
    Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
  • Téann Pobal Iosrael Isteach go Canán
    An Bíobla—Cén Teachtaireacht atá Ann?
Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
lfb ceacht 30 lth. 76
Rácháb ag cur na saighdiúirí sa treo mícheart chun na spiairí a chosaint

CEACHT 30

Chuir Rácháb na Spiairí i bhFolach

Chuaigh spiairí Iosraeilíteacha go dtí cathair Ireachó agus d’fhan siad in éineacht le bean darbh ainm Rácháb. Fuair rí Ireachó amach fúthu agus chuir sé saighdiúirí go dtí Rácháb. Chuir sí na spiairí i bhfolach ar dhíon an tí agus chuir sí na saighdiúirí an treo mícheart. Dúirt sí leis na spiairí: ‘Cabhróidh mé libh mar tá a fhios agam go bhfuil Iehova libh agus go bhfuil sibh chun an tír a ghabháil. Geallaigí dom, más é bhur dtoil é, go sábhálfaidh sibh mo theaghlach.’

Dúirt na spiairí le Rácháb: ‘Geallfaidh muid duit nach ngortófar aon duine a bheidh istigh i do theach.’ Dúirt siad: ‘Ceangail rópa dearg i d’fhuinneog agus tiocfaidh do theaghlach slán.’

Teach Rácháb, fós ina sheasamh tar éis do bhallaí Ireachó titim, agus rópa dearg as an bhfuinneog

Lig Rácháb síos na spiairí ar rópa óna fuinneog. Chuaigh siad go dtí na sléibhte agus d’fhan siad i bhfolach ansin ar feadh trí lá sula ndeachaigh siad ar ais go dtí Iósua. Ansin chuaigh na hIosraeilítigh trasna Abhainn na hIordáine agus fuair siad réidh le haghaidh an tír a ghabháil. Ba é Ireachó an chéad chathair a chloígh siad. Dúirt Iehova leo máirseáil timpeall na cathrach uair in aghaidh an lae ar feadh sé lá. Ar an seachtú lá mháirseáil siad timpeall na cathrach seacht n-uaire. Ansin shéid na sagairt a dtrumpaí agus bhéic na saighdiúirí in ard a gcinn. Thit ballaí na cathrach go talamh! Ach d’fhan teach Rácháb, a bhí tógtha ar an mballa, ina sheasamh. Tháinig Rácháb agus a teaghlach slán mar chuir sí a muinín in Iehova.

“Ba é an dála céanna é ag Rácháb, . . . nach trí dhea-oibreacha a fíréanaíodh í nuair a ghlac sí leis na teachtairí agus gur sheol amach iad ar mhalairt bealaigh?”—Séamas 2:25

Ceisteanna: Cén fáth ar chabhraigh Rácháb leis na spiairí? Cén chaoi ar ionsaigh na hIosraeilítigh Ireachó? Céard a tharla do Rácháb agus dá teaghlach?

Iósua 2:1-24; 6:1-27; Eabhraigh 11:30, 31; Séamas 2:24-26

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn