Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • lfb ceacht 31 lth. 78
  • Iósua agus na Gibeónaigh

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Iósua agus na Gibeónaigh
  • Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Muintir Ghibeon
    Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
  • Seasann an Ghrian sa Spéir
    Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
lfb ceacht 31 lth. 78
Tagann na Gibeónaigh go dtí Iósua agus a arm, agus iad ag caitheamh seanéadaí caite

CEACHT 31

Iósua agus na Gibeónaigh

Scaip an scéal faoi Ireachó i measc na náisiúin eile i gCanán. Bheartaigh a gcuid ríthe teacht le chéile agus troid in aghaidh na nIosraeilíteach. Ach bhí plean eile ag na Gibeónaigh. Chuaigh siad go dtí Iósua agus iad gléasta i seanéadaí caite, agus dúirt siad leis: ‘Is ó thír i bhfad i gcéin a tháinig muid. Chuala muid faoi Iehova agus faoin méid a rinne sé daoibh san Éigipt agus i Móáb. Geall dúinn nach n-ionsóidh sibh muid agus beidh muid mar shearbhóntaí agaibh.’

Chreid Iósua iad agus gheall sé dóibh nach n-ionsódh sé iad. Trí lá ina dhiaidh sin, fuair sé amach nárbh as tír i bhfad i gcéin iad, ach as tír Chanán. D’fhiafraigh Iósua de na Gibeónaigh: ‘Cén fáth ar inis sibh bréag dúinn?’ D’fhreagair siad: ‘Bhí eagla orainn! Tá a fhios againn go bhfuil Iehova bhur nDia ag troid ar bhur son. Ná maraigh muid, más é do thoil é.’ Choinnigh Iósua a ghealltanas agus níor mharaigh sé iad.

Ní raibh sé i bhfad gur thosaigh cúigear ríthe Canánacha agus a n-arm ag bagairt ar na Gibeónaigh. Mháirseáil Iósua agus a arm ar feadh na hoíche chun teacht i gcabhair orthu. Thosaigh an troid go luath an mhaidin dar gcionn. Theith na Canánaigh i ngach treo. Scaoil Iehova clocha móra sneachta anuas sa mullach orthu. Ansin d’iarr Iósua ar Iehova go seasfadh an ghrian sa spéir. Cén fáth a n-iarrfadh sé é sin ar Iehova, nuair nár sheas an ghrian sa spéir riamh cheana? Mar bhí muinín aige as Iehova. Ní dheachaigh an ghrian faoi ar feadh lá iomlán go dtí go raibh na ríthe Canánacha agus a n-arm cloíte ag na hIosraeilítigh.

Iósua ag breathnú i dtreo na bhflaitheas agus é ag impí ar Iehova go seasfadh an ghrian sa spéir

“Nuair a bhíonn ‘sea’ le rá agaibh, abraigí ‘sea,’ agus ‘ní hea’ nuair is ‘ní hea,’ ionas nach dtiocfadh an daorbhreith oraibh.”—Séamas 5:12

Ceisteanna: Céard a rinne na Gibeónaigh chun iad féin a chosaint? Cén chaoi ar chabhraigh Iehova leis na hIosraeilítigh?

Iósua 9:1–10:15

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn